Saothar nua leis an ealaíontóir Willie Doherty is ea Loose Ends a bhreathnaíonn ar an gcaoi a gcuimhnítear ar agus a samhlaítear daoine, imeachtaí agus áiteanna a raibh baint acu le hÉirí Amach na Cásca 1916 sa lá atá inniu ann. Féachann an tionscadal le fáil amach an bhfuiltear fós ag feidhmiú faoi thionchar na n-imeachtaí sin ar bhealach, agus le scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le guthanna agus le gníomhaíochtaí glúin amháin dul i bhfeidhm ar ghlúin eile i ngan fhios dóibh.
Tá taispeántán físe ilscáileáin nua chomh maith le saothar grianghrafadóireachta a bhaineann leis curtha le chéile in áiteanna ar nós Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath a bhfuil baint acu leis na himeachtaí a tharla roimh Éirí Amach na Cásca 1916 agus leis an Éirí Amach féin.
Tá Gabhla ar cheann de na hoileáin bheaga amach ó chósta Dhún na nGall agus clúdaíonn sé achar atá thart ar míle amháin cearnach. Bhí beirt iascairí as Gabhla, Charles Duggan agus Patrick McGinley, ar fhoireann an Asgard, an luamh a shroich Binn Éadair, Co. Átha Cliath an 26 Iúil 1914 le lasta gunnaí agus armlóin a mbainfí úsáid astu ina dhiaidh sin le linn Éirí Amach na Cásca 1916.
Is thart ar Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath a thit formhór na n-imeachtaí amach le linn laethanta agus uaireanta deiridh an Éirí Amach. Agus iad ag éalú ó Ard-Oifig an Phoist nuair a chuir tuargaint ó ghunnaí arm na Breataine trí thine í, chuaigh na hÓglaigh go dtí Sráid an Mhúraigh agus bhain siad uimhir 16, an ceanncheathrú deiridh, amach trí thollán a dhéanamh tríd na tithe ar thaobh amháin den tsráid. Nuair a ghlac sé leis nach bhféadfaidís éalú gan tuilleadh gnáthdhaoine a chailleadh, d’eisigh Pádraig Mac Piarais an t-ordú géilliúna ó uimhir 16, Sráid an Mhúraigh.
Baineann Doherty úsáid as an gceamara le breathnú ar an gcuma atá ar na háiteanna seo sa lá atá inniu ann, 100 bliain i ndiaidh imeachtaí 1916. Baintear úsáid as zúmáil mhall agus zúmáil shínte chun an lucht féachana a thabhairt níos gaire do na foirgnimh seo agus don timpeallacht uirbeach agus tuaithe máguaird, a fhad agus a úsáidtear guthú le scrúdú a dhéanamh ar an gcaidreamh casta idir ficsean agus an domhain réadúil.
Is í Comhairle Contae Dhún na nGall / Ionad Cultúrtha Réigiúnach a choimisiúnaigh Loose Ends i gcomhar le Nerve Centre, Féile Ealaíne an Earagail, Gailearaí Kerlin agus Gailearaí Matt. Is Tionscadal Náisiúnta Gairmeacha Oscailte EALAÍN: 2016 é Loose Ends. Is leis an gComhairle Ealaíon an clár EALAÍN:2016 atá mar chuid d’Éire 2016. Beidh sé le feiceáil den chéad uair ag an Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn idir an 10 Iúil agus an 24 Meán Fómhair 2016 mar chuid d’Fhéile Ealaíne an Earagail agus léireofar é ina dhiaidh sin i nGailearaí Kerlin, Baile Átha Cliath agus i nGailearaí Matt, Londain.
Willie Doherty
Rinne Willie Doherty a lán taispeántas i gcuid mhór músaeim thábhachtacha ar fud an domhain lena n-áirítear SMK Statens Museum for Kunst, Cóbanhávan; Dallas Museum of Art; Kunstverin in Hamburg; Salzburger Kunstverin, Salzburg; Museum of Contemporary Art, Béalgrád; De Appel, Amstardam; agus IMMA, Baile Átha Cliath; agus tá saothar aige ina lán bailiúchán poiblí. Ainmníodh dhá uair é do Dhuais Turner agus ghlac sé páirt i mórthaispeántais idirnáisiúnta lena n-áirítear Documenta, Manifesta agus Biennale na Veinéise, São Paulo agus Iostanbúl.
←Fill ar ais go dtí an leathanach Éire 2016