Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 07 Nollaig 2023 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ealaíona Idirnáisiúnta |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Evelyn O'Keeffe |
---|
Teileafón | 087 2458361 |
---|
ríomhphoist | evelyn.okeeffe@artscouncil.ie |
---|
Post | Oifigeach Ealaíon Idirnáisiúnta |
---|
Tá an Dámhachtain Chómhaoinithe 2024
foroinnte ag snáitheanna:
- Snáithe 1: Dámhachtain Chómhaoinithe le
haghaidh Thionscadail Chomhoibrithe na hEorpa Cruthaithí a thosófar in
2024. Is é príomhchuspóir de Shnáithe 1 na
dámhachtana a chur ar chumas eagraíochtaí in Éirinn a bhain maoiniú amach, mar
Phríomhchomhordaitheoir nó Príomhchomhpháirtí, i gcomhair gníomhaíochtaí
ealaíonta faoi shnáithe na dTionscadal Comhoibrithe de chuid Chlár na hEorpa
Cruthaithí 2021–27, iarratas a dhéanamh ar chómhaoiniú. Breithneofar maoiniú
chun tacú le gníomhaíochtaí ealaíon in Éirinn atá i gcomhréir le cuspóirí agus
tosaíochtaí na dámhachtana seo
Ní bheidh iarratais ó eagraíochtaí nach
eagraíochtaí ealaíon iad incháilithe ach amháin sa chás gur sainaithníodh
eagraíochtaí ealaíon in Éirinn mar rannpháirtí sa tionscadal agus sa chás go
n-úsáidfear tacaíocht ón gComhairle Ealaíon chun leasa ghníomhaíochtaí ealaíon
Éireannaí de chuid na heagraíochta ealaíne. Ní mór iarratais ar Dhámhachtain
Chómhaoinithe le haghaidh Tionscadail Chomhoibrithe a dhéanamh sa bhliain
féilire chéanna a bhfaightear tairiscint ar mhaoiniú ón EACEA.
- Snáithe 2: Dámhachtain Chómhaoinithe le haghaidh Cruinnithe
Comhpháirtí mar ullmhúchán d’Iarratais Tionscadail Chomhoibrithe na hEorpa
Cruthaithí. Is é príomhchuspóir den
snáithe seo a chur ar chumas eagraíochtaí in Éirinn iarratas a dhéanamh ar thacaíocht
maidir le comhpháirtithe féideartha na hEorpa mar ullmhúchán d’iarratais faoi
shnáithe na dTionscadal Comhoibrithe de chuid Chlár na hEorpa Cruthaithí
2021-2027.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú