Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Teagmhálaí | Úna McCarthy |
---|
Teileafón | 01 6180200 |
---|
ríomhphoist | una.mccarthy@artscouncil.ie |
---|
Post | Head of Street Arts and Spectacle |
---|
Cuspóir na dámhachtana
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon iarratais a lorg ar chiste nua chun tacú le cleachtóirí gairmiúla Sráidealaíne agus Seónna.
Is é aidhm an Chiste Gníomhaíochta Cláir (CGC) ná cuidiú leis an earnáil Sráidealaíne agus Seónna le costais ghné amháin nó níos mó de chlár ealaíonta atá beartaithe le haghaidh 2013. D’fhéadfadh gnéithe an chláir gníomhaíochta seo bealaí nua a aithint chun saothar a chruthú nó saothar uaillmhianach a chur i láthair an phobail. Níl sé i gceist go dtacódh an Ciste Gníomhaíochta Cláir le príomhchostais nó le costais riaracháin na heagraíochta.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú