Tabharfar
Luail ar an gcompántas nua – Compántas Damhsa Náisiúnta na hÉireann
Trialacha
damhsa don chéad seit ensemble damhsa chomhaimseartha uile-oileáin
Ocht
mórchoimisiún, do bhunsaothair ó ealaíontóirí, arna bhfógairt
Seoladh an chéad chompántas damhsa náisiúnta uile-oileáin in Éirinn inniu. Nocht an eagraíocht nua, darb ainm Luail agus arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon, an chéad chéim forbartha; trialacha damhsa do ensemble nua damhsóirí, sraith
d’ocht gcoimisiún d’ealaíontóirí agus bunú comharghrúpa de chóiréagrafaithe cónaithe.
Chruinnigh baill de phobal damhsa na hÉireann, agus pobal na n‑ealaíon trí chéile, le chéile ag an imeacht, arna óstáil le linn Fhéile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath 2024, áit ar chuala siad na sonraí faoi phleananna an chompántais nua agus an fhís atá aige
don todhchaí. Tionscnamh ceannródaíoch de chuid na Comhairle Ealaíon atá ann. Cruthóidh, forbróidh, neartóidh agus cuirfidh an compántas suaitheanta nua damhsa na huaillmhéine agus na samhlaíochta chun cinn, agus tabharfaidh sé lucht féachana ó gach
cearn d’oileán na hÉireann le chéile.
Is é an misean atá ag Luail ná an damhsa a léiriú, a leabú agus a chumasú ar fud oileán na hÉireann, agus conairí gairme nua agus féidearthachtaí a chruthú d’ealaíontóirí damhsa, don lucht féachana agus do phobail. Forbrófar é faoi cheannas ealaíonta
Liz Roche, i gcomhar leis na comhpháirtithe straitéiseacha Maiden Voyage Dance ó Bhéal Feirste agus Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol, Ollscoil Luimnigh.
Ciallaíonn an t‑ainm Luail gluaiseacht,
corraí, fuinneamh, spadhar agus tá sé fréamhaithe sa tuiscint gurb é an damhsa cuisle riachtanach na cruthaitheachta daonna, a nascann daoine le smaointe, chun tuiscint a fháil ar chastacht ár n‑oileáin chomhroinnte agus é a athshamhlú.
Beidh na trialacha damhsa don chéad ensemble damhsa chomhaimseartha uile-oileáin, lena ndéanfar Luail, ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Iúil agus sa Bhruiséil i mí Lúnasa. Fógraíodh an chéad choimisiún, de shraith mórchoimisiún nua, lena ngabhfaidh
ealaíontóir damhsa ó gach ceann de na ceithre chúige in Éirinn agus iad ag cruthú saothar damhsa suíomhoiriúnaithe ina dtírdhreach baile agus pobal.
Dúirt Maureen
Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo a leanas:
"Is léiriú ar rithim agus spiorad ár náisiúin é an damhsa. Is lá mór é an lá inniu do Luail, an chéad chompántas náisiúnta uile-oileáin in Éirinn, mar a ghlacann sé na chéad chéimeanna i dtreo na todhchaí atá lán dóchais agus féidearthachtaí. Tá lúcháir
orm go bhfuil an fhís seo againne á fíorú leis an tionscnamh ceannródaíoch seo agus tá mé ag súil leis an dearfacht a chruthóidh sé d’ealaíontóirí damhsa agus don lucht féachana ar fud na hÉireann."
Dúirt Liz
Roche, Stiúrthóir Ealaíne Luail, an méid seo a leanas:
"Mian a bhí agam le fada an lá ná compántas damhsa a fhorbairt ina mbeadh croí-ensemble lánaimseartha damhsóirí. Baineann an damhsa le muintearas, féidearthachtaí agus caidreamh, dar liom, agus léirítear leis an gcompántas damhsa nua seo tiomantas díograiseach
do bhealaí chun caidreamh a dhéanamh agus maireachtáil le chéile ar an oileán seo, chomh maith le todhchaí níos fearr don fhoirm ealaíne agus do na daoine a oibríonn léi. Tá mé ag súil go mór le múnla nua a chruthú do dhéanamh damhsa, le mian agus
cumhacht ár gcláir agus leis an bhféidearthacht chun caidreamh a dhéanamh agus an obair atá á déanamh againn le blianta fada a thabhairt le chéile."
Dúirt Mufutau
Yusuf, cóiréagrafaí/taibheoir agus ealaíontóir cónaithe Luail an méid seo a leanas:
"Tá ríméad orm gur iarradh orm a bheith páirteach sa chéad chomharghrúpa d’ealaíontóirí cónaithe le Luail, an compántas náisiúnta nua. Tá sé thar a bheith luachmhar dom, i mo cháil mar ealaíontóir, go gcuirtear muinín ionam agus go dtugtar an t‑am agus
an tacaíocht dom chun mo chleachtas a fhorbairt agus spreagadh a fháil ó na healaíontóirí cónaithe eile, in áit a bhfuil meas ar an gcomhoibriú agus ar an tsaoirse chun rioscaí a ghlacadh, áit ina dtacaítear leis an gcomhoibriú agus leis an tsaoirse
sin."
Beidh trí cholún cláir idirnasctha mar bhonn faoin gcompántas agus stiúrfar an compántas leo agus é ag fíorú a fhíse agus a chuspóirí:
- Léireofar le Luail féiniúlacht, cultúr agus neart uathúil lucht déanta damhsa na hÉireann le coimisiúnú bunsaothair úrnua, agus athshamhlófar an stór atá ann cheana féin d’Éirinn an 21ú haois.
- Is é is aidhm do Luail ná an damhsa a leabú i saol cultúrtha ár náisiúin, le sraith clár saincheaptha for-rochtana rannpháirtíochta camchuairte a nascfaidh an damhsa le pobail agus lucht féachana, thuaidh agus theas, sa bhaile agus thar
lear.
- Cumasóidh Luail na healaíontóirí atá againn chun bheith ina ndéantóirí damhsa, ina n‑aislingigh, ina gceannairí agus ina nuálaithe saoil le sraith tionscnamh oiliúna agus forbartha gairmiúla chun gairm iomlánaíoch damhsóirí agus cóiréagrafaithe
a neartú agus a chothú.
Chomh maith leis sin, d’fhógair an compántas deis cónaitheachta cartlainne idirnáisiúnta nua i gcomhpháirtíocht leis an gCartlann Náisiúnta Damhsa ag Ollscoil Luimnigh agus Irish Arts Centre i Nua-Eabhrac, lena ndéanfar nasc le Our Steps i Nua-Eabhrac,
Jerome Robbins Dance Division de New York Public Library for the Performing Arts, agus Solas Nua, in Washington, D.C. Is deis cónaitheachta ilghnéitheach é Activating Archive Residency a dtugtar tacaíocht iomlán dó. Tá sonraí ar an ngairm oscailte
le fáil ar shuíomh gréasáin Luail.
Ba é imeacht an lae inniu an chéad cheann i sraith cruinnithe faisnéise ‘buail leis an gcompántas’ le healaíontóirí, láithreoirí, comhpháirtithe agus le pobal na n‑ealaíon trí chéile mar chuid den chéad chéim i bhforbairt an chompántais. Tá tuilleadh
imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta beartaithe do na seachtainí amach romhainn. Fógrófar clár iomlán gníomhaíochtaí, cónaitheachtaí, léiriúchán agus camchuairteanna Luail, in éineacht le sonraí maidir leis an gcéad ensemble ón gcompántas
damhsa náisiúnta, i mí Eanáir 2025.
Tá na sonraí ar fad maidir leis an gcompántas nua, lena n‑áirítear trialacha damhsa, coimisiúin, cónaitheachtaí agus deiseanna le bheith páirteach le fáil ar www.luail.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht