D'fhógair an Chomhairle Ealaíon Fóram um Geilleagair Oíche, a bheidh ar siúl ó 2i.n. Dé Máirt 17 Eanáir i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Ceapadh clár an fhóraim chun réimse dearcthaí idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla a thabhairt le chéile ar threochtaí agus ar thionscnaimh atá ag teacht chun cinn maidir le forbairt na n-ealaíon agus an gheilleagair oíche. Beidh sé mar aidhm ag an bhfóram tionscnaimh nua, comhpháirtíochtaí nua, smaointeoireacht nua agus gníomhartha sonracha a spreagadh chun tacú le ról na n-ealaíon chun geilleagar bríomhar oíche a chruthú.
Ag labhairt di roimh an bhfóram, dúirt an tAire Catherine Martin, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: ‘Tá clár uaillmhianach leagtha amach ag an Tascfhórsa um Geilleagar Oíche atá ag obair chun ár gcathracha agus bailte a mhúnlú agus a athrú san oíche. Tugann an fóram seo spotsolas ar na bealaí inar féidir linn a chinntiú go dtarlóidh sé seo. Táim ag tnúth le réitigh nua agus nuálacha a fheiceáil ar chuid de na dúshláin roimh an nGeilleagar Oíche agus ar roinnt comhpháirtíochtaí nua agus suimiúla a thiocfaidh as an imeacht seo.’
Dúirt an tOllamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: ‘Mar an ghníomhaireacht leis na healaíona a fhorbairt in Éirinn, tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tacú le tionscnaimh ar nós an Fhóraim um Gheilleagar Oíche ina bhféachtar le deiseanna a leathnú d'ealaíontóirí agus do lucht féachana.’
Ag fáiltiú di roimh an ócáid, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly: ‘Is deis é an fóram seo dúinn foghlaim óna chéile agus oibriú le chéile chun geilleagar oíche comhroinnte a chruthú atá éagsúil agus uilechuimsitheach do gach duine.’
Is é an tOllamh Terry Stevens an príomhchainteoir, a thabharfaidh léargais agus samplaí praiticiúla ar an gcaoi a bhfuil ionaid uirbeacha ag déanamh athdheartha ar úsáid spásanna cultúrtha agus an réimse poiblí chun an geilleagar oíche a athbheochan.
Cuirfidh Robbie Kitt an fóram i láthair agus i measc na gcainteoirí eile, beidh Adrienne Rodgers, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Cultúir agus Comhfhorbairt Áite i gCorcaigh agus Mirik Milan, iar–Mhéara Oíche, Amstardam agus POF ar Vibe Lab – eagraíocht a bunaíodh chun tacú le pobail chruthaitheacha agus chun cabhrú leis an domhan luach na siamsaíochta san oíche a thuiscint níos fearr. Beidh Ruth McGowan, POF ar Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath agus an t-aisteoir/fuirseoir Saoirse Smith ar an gclár freisin.
Tá an t-imeacht saor in aisce do chách agus déanfar é a shruthú ar chainéil YouTube na Comhairle Ealaíon. Tá ticéid ar fáil ag an nasc anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht