Is éard atá i gComhaltacht Clore ná clár forbartha ceannaireachta do
ghrúpa ceannairí den chéad scoth san earnáil chultúrtha.
Bronnaimid timpeall 24 comhaltacht gach bliain ar cheannairí ó réimsí
amhail na hamharc-ealaíona agus na taibhealaíona, iarsmalanna, leabharlanna,
cartlanna agus oidhreacht, an scannánaíocht agus na meáin dhigiteacha, agus
beartas agus cleachtas cultúrtha.
Tá an clár comhaltachta dírithe ar cheannairí atá uaillmhianach, a
bhfuil fís acu agus atá in ann a léiriú conas a d’fhéadfaidís a gceannaireacht
a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Is trí thaithí agus ní trí
mhúineadh a fhoghlaimítear an clár, agus tá teoiricí agus modhanna
ceannaireachta comhaimseartha mar bhunús leis. #MakeYourDifference
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le céim 1 de na hiarratais ná 12 meán
lae, Déardaoin, 8 Feabhra 2024.
Tá an Clár Comhaltachta á thacú go flaithiúil ag réimse comhpháirtithe
maoinithe, agus tá roinnt comhaltachtaí againn d’iarratasóirí ar féidir leo
iarratas a dhéanamh orthu, lena n-áirítear:
Comhaltacht Jerome Hynes le tacaíocht ó
Chomhairle Ealaíon na hÉireann
Tá an Chomhaltacht ar oscailt d’iarrthóirí atá
ina gcónaí agus ag obair in Éirinn agus atá tiomanta dá ngairm a fhorbairt mar
cheannaire cultúrtha in Éirinn.
Óstálfaidh Ceannaireacht Clore seisiúin C&F ar Zúm, áit a
roinnfidh siad tuilleadh eolais faoi na comhaltachtaí seo agus beidh an deis
agat freisin do cheisteanna a chur ar an bhfoireann agus ar chuid de na
halumnais.
Níl ach líon teoranta spásanna againn, léirigh do spéis thíos mar sin le
do thoil.
Dáta: An Aoine, 2 Feabhra ó 2 i.n. go 3
i.n. do gach iarratasóir a bhfuil suim acu i
gComhaltacht Jerome Hynes atá á tacú ag Comhairle Ealaíon na hÉireann. Déanfar
an seisiún a thaifeadadh.
Faigh
tuilleadh eolais agus cláraigh do na seisiúin C&F
Tá eolas cuimsitheach eile faoi na hiarratais sa treoirleabhar seo. Más maith leat comhrá a dhéanamh le duine d’Fhoireann na gClár tar éis
duit breathnú ar an treoirleabhar, seol ríomhphost chuig fellowships@cloreleadership.org
chun cúnamh a fháil le do thoil.
DEAN IARRATAS ANOIS
←Fill ar ais go dtí an nuacht