Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt
ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a
chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár
MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a
bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a
fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.
Bunaíodh
scéim Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon chun timpeallacht spreagthach a
chur ar fáil don scríbhneoir cónaithe, agus chun roinnt tacaíocht airgeadais a
sholáthar le díriú ar chleachtas an scríbhneora féin. Anuas air sin, cuireann
an chónaitheacht fuinneamh agus spleodar leis an ollscoil, agus tugtar deis do
na mic léinn teagmháil a dhéanamh le scríbhneoir atá i mbun na ceirde ar feadh
dlúth-thréimhse.
Tá
an tréimhse iarratais ar oscailt anois do na poist mar Scríbhneoir Cónaithe sna
hollscoileanna seo a leanas:
Ní mór do scríbhneoirí iarratas a dhéanamh go díreach leis an
Ollscoil ábhartha. Is é an spriocdháta le haghaidh na bpost go léir 5.30 pm,
Déardaoin, 9 Samhain 2023.
←Fill ar ais go dtí an nuacht