Thit rátaí freastail ar Ionaid Ealaíon, ar amharclanna agus ar gach cineál láithreach ealaíon ó tharla an phaindéim Covid-19, agus léiríonn an taighde go bhfuil na rátaí sin thart ar 20% níos ísle ná mar a bhí roimh Covid.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon feachtas náisiúnta fógraíochta a sheoladh le cur i gcuimhne don phobal an gliondar agus an t-iontas a bhaineann le freastal ar léirithe beo ealaíon. Meabhraíonn an feachtas, Live Is, dúinn an ríméad ar leith a bhaineann le léirithe beo. Reáchtálfar an feachtas sna meáin náisiúnta agus áitiúla agus ar na meáin dhigiteacha chomh maith.
Tá infheistíocht sa rannpháirtíocht phoiblí ina gné lárnach de straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Tacaíonn an feachtas Live Is leis an líonra tábhachtach ionad ealaíon agus iad ag nascadh lena lucht féachana. Is infheistíochta atá san fheachtas seo inár bpobail agus san earnáil trí chéile. Beidh neart léirithe den chéad scoth ar siúl le linn an gheimhridh agus molaimid do gach duine ticéad a chur in áirithe agus freastal ar léiriú beo áitiúil.
Seolfar an feachtas ar an 16 Samhain 2022 trí chainéil mheán agus dhigiteacha.
←Fill ar ais go dtí an nuacht