Faigheann Scoileanna Ildánacha maoiniú €4K agus Comhlach Cruthaitheach
Cuireann an clár tacaíocht ar fáil chun rannpháirtíocht leis na healaíona a fhorbairt i ngach scoil
Is é an 2 Bealtaine an spriocdháta le haghaidh iarratas
Tá Scoileanna Ildánacha 2024 ag fáiltiú anois roimh iarratais ó bhunscoileanna agus ó mheánscoileanna agus ó ionaid Ógtheagmhála ar fud na tíre. Is féidir le scoileanna agus ionaid ar mhaith leo páirt a ghlacadh iarratas a dhéanamh anois ar an gclár dhá bhliain a thosóidh i mí Mheán Fómhair. Is é an 2 Bealtaine, 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe.
Dearadh tionscnamh Scoileanna Ildánacha, chun deiseanna a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheacha. Faigheann gach scoil agus ionad Ógtheagmhála a ghlacann páirt sa chlár dhá bhliain, deontas €4,000 agus oibríonn siad le Comhlach Cruthaitheach a thacaíonn leo a bPlean Scoile Ildánaí saincheaptha féin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Tugann rannpháirtíocht i Scoileanna Ildánacha cumhacht do leanaí agus do dhaoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a aimsiú, a chur i bhfeidhm agus a mheas ar fud a scoileanna agus a n-ionad. Léirigh taighde neamhspleách a d'fhoilsigh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le déanaí go gcabhraíonn rannpháirtíocht i Scoileanna Ildánacha le cruthaitheacht a chur chun cinn agus a spreagadh i scoileanna. Tá níos mó tuisceana ag scoláirí i scoileanna rannpháirteacha ar thábhacht na smaointeoireachta cruthaithí san oideachas.
Déantar gach iarratas trí chóras seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Is féidir le scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2024 cuntas a chlárú ar chóras seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon anseo. Tá an córas ar oscailt le glacadh le hiarratais, agus is é 17.30 ar an 2 Bealtaine 2024 an spriocdháta deiridh le haghaidh iarratas. An spriocdháta deiridh le haghaidh iarratas. Tá tuilleadh eolais faoin gclár agus faoi conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar Mol do Scoileanna.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
"Is sampla den scoth é an clár Scoileanna Ildánacha den chaoi ar féidir na healaíona a chomhtháthú le hoideachas ar mhaithe le rath buan. Ó 2018 i leith, thacaíomar le níos mó ná 900 scoil chun glacadh leis an gcruthaitheacht agus taitneamh a bhaint as an iliomad tionchair atá aici. Deimhníonn an taighde neamhspleách a foilsíodh i mbliana go raibh eispéireas thar a bheith dearfach ag scoileanna rannpháirteacha mar thoradh ar a dtumadh i Scoileanna Ildánacha. Dúirt 99% de na scoileanna a ghlac páirt sa suirbhé go molfaidís an clár do scoileanna eile. Tá ár bhfoireann Scoileanna Ildánacha spreagtha de shíor ag uaillmhian agus tiomantas ár scoileanna rannpháirteacha go léir agus táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chohórt nua scoileanna le bheith linn i mí Mheán Fómhair."
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:
"Molaim go croíúil do scoileanna agus do shuíomhanna Ógtheagmhála ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh le bheith mar chuid de Scoileanna Ildánacha. Tá scoileanna bainte amach ag an gclár i ngach contae in Éirinn, agus tá an-áthas orm a fheiceáil go raibh beagnach 40% de scoileanna speisialta mar chuid den chlár go dtí seo. Ach guth soiléir a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga i Scoileanna Ildánacha is féidir linn a chinntiú go bhfuilimid ag freagairt dá smaointeoireacht chruthaitheach, ag cabhrú lena samhlaíocht a fhorbairt agus a n-eispéiris oideachais agus ealaíne a fheabhsú."
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley:
"Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú lenár gcomhghleacaithe sa Chomhairle Ealaíon agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun cuireadh a thabhairt do gach uile scoil cur isteach ar Scoileanna Ildánacha 2024. Tugann an tionscnamh Scoileanna Ildánacha deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga rochtain a fháil ar na heispéiris éagsúla chruthaitheacha, léiritheacha agus áthasacha atá mar chuid lárnach de na healaíona agus taitneamh a bhaint astu. Tacaíonn Scoileanna Ildánacha go bunúsach le forbairt na hacmhainneachta cruthaithí agus an chumais do leanaí agus do dhaoine óga."
Judith Jennings, múinteoir i Scoil Speisialta Naomh Bríd, An Muileann gCearr ar a rannpháirtíocht sa chlár:
"D'athraigh Scoileanna Ildánacha an spás ina bhfuilimid ag obair agus tá gach duine ag smaoineamh ar conas na cúig chéadfa a léiriú ar bhealaí uathúla agus sábháilte. Níos tábhachtaí fós, thug sé guth níos mó do na daltaí mar gur cuireadh a gcuid smaointe cruthaitheacha chun tosaigh. Fuair mé amach go bhfuil níos mó muiníne ag mo dhaltaí maidir le réiteach fadhbanna toisc gur thuig siad go bhfuil sé mar chuid den phróiseas cruthaitheach. Go pearsanta, d'fhoghlaim mé go leor ón bpróiseas. Táim ag féachaint ar mo chuid teagaisc ar bhealach i bhfad níos dinimiciúla, ag lorg réitigh chruthaitheacha agus ag lorg bealaí chun guth na mac léinn a chur chun cinn. Tá saoirse ann a thagann le gníomhaíocht chruthaitheach a chuireann ar do chumas féidearthachtaí éagsúla a fhiosrú, a chlaochlaíonn teagasc agus foghlaim ar deireadh thiar agus a mbíonn seomra ranga comhchuí mar thoradh air ina bhfuil a gcumas á bhaint amach ag cách."
Insíonn Poppy Murphy, mac léinn in Iar-Bhunscoil Naomh Colman, Mainistir na Corann faoina taithí mar chuid de Scoileanna Ildánacha:
''Bhain mé an-taitneamh as ceardlann Potaireachta na Scoile Cruthaithí. Bhain mé taitneamh as a bheith in ann úsáid a bhaint as meán nach bhfuil mé eolach air toisc go bhféadfadh sé saoirse a thabhairt dom de bheagán ón méid ionchais nó teorann a d'fhéadfainn a chur orm féin nuair a bhím ag baint úsáid as meáin a bhfuil níos mó eolais agam orthu. Tá sé tábhachtach ligean don chruthaitheacht a bheith ag spraoi agus ligean duit féin triail a bhaint as.''
Cuireadh an clár ar bun in 2018 agus táthar tar éis cuireadh a chur ar níos mó ná 970 scoil, go dtí seo, le bheith rannpháirteach ann. Leis an mbabhta is úire seo de thairiscintí, is amhlaidh anois go mbeidh 1 scoil as gach 4 scoil in Éirinn ag glacadh páirt / tar éis páirt a ghlacadh i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha. Liosta le háireamh is ea liosta na bhfaighteoirí, ó scoileanna móra sna príomhchathracha go dtí scoileanna níos lú ar na hoileáin lena n-áirítear Inis Bó Finne, Acaill, Inis Oírr agus Inis Meáin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht