Is féidir le healaíontóirí
gairmiúla, coimeádaithe, cleachtóirí ealaíon agus eagraíochtaí ealaíon atá ag
obair sna hamharc-ealaíona iarratas a dhéanamh ar dhámhachtainí maoinithe na
Comhairle Ealaíon le haghaidh tacaíochta airgeadais. Táimid den tuairim go bhfuil réimse meán sna
hamharc-ealaíona: péinteáil, líníocht, dealbhóireacht, déanamh priontaí,
grianghrafadóireacht, ealaín bheo/ léiriú beo, scannáin, físeáin nó meáin eile
íomháú digiteach. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi shainchúram
na dtacaíochtaí Amharc-ealaíon anseo.
Le go measfar mar chleachtóir
ealaíon gairmiúil thú is féidir nach dtuillfeá ioncam go
leanúnach nó go heisiach ó do chleachtas ealaíonta/coimeádaíochta, ní mór thú
féin a aithint agus a bheith aitheanta ag do phiaraí mar ealaíontóir, coimeádaí
nó cleachtóir gairmiúil atá i mbun cleachtaidh.
Tacaíonn maoiniú Amharc-ealaíon le
cleachtóirí amharc-ealaíon gairmiúla neamhspleácha chun a gcleachtas a
fhorbairt agus saothar nua a chruthú (Dámhachtain
Sparánachta na nAmharc-ealaíon, Dámhachtain Lúfaireachta), agus chun taighde a
dhéanamh ar shaothar nua, é a léiriú agus é a chur i láthair do luchtanna
féachana/éisteachta laistigh d'Éirinn (Dámhachtain do Thionscadal
Amharc-ealaíon).
Tacaímid freisin le heagraíochtaí amharc-ealaíon chun saothar a chur i láthair
agus tacú le bonneagar na n-amharc-ealaíon ar fud na hÉireann, ag cinntiú a
inbhuanaitheachta agus a bheochta sa todhchaí. (Maoiniú Deontais do na
hEalaíona, Maoiniú Straitéiseach) Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi mhaoiniú
atá ar fáil anseo.
Tabhair faoi deara: Ní thacaíonn an
Chomhairle Ealaíon le gníomhaíochtaí tráchtála, carthanachta ná tiomsaithe
airgid.
Mar iarratasóir féideartha ar
mhaoiniú Amharc-ealaíon, ba cheart duit smaoineamh ar aidhmeanna do thogra agus
na gníomhaíochtaí a bhfuil maoiniú á lorg agat chun tacú leo. Tá roinnt
dámhachtainí maoinithe do na hAmharc-ealaíona ar fáil, agus tá gach ceann acu
dírithe ar réimse ar leith de ghníomhaíocht amharc-ealaíon. Maidir le gach
babhta dámhachtana a thairgtear, foilsítear sraith ‘Treoirlínte’ ar shuíomh
gréasáin na Comhairle Ealaíon. Tá na gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm ag
gach dámhachtain mhaoinithe tacú leo leagtha amach sna treoirlínte dámhachtana
comhfhreagracha, faoin rannán ar chuspóirí/cuspóir agus tosaíochtaí dámhachtana.
Ba cheart an chuid seo a léamh agus tú ag smaoineamh ar an dámhachtain
mhaoinithe is oiriúnaí do na gníomhaíochtaí amharc-ealaíne ar mian leat
tabhairt fúthu, agus sula ndéanfaidh tú d'iarratas. Féach anseo le
haghaidh liosta dár ndámhachtainí agus ár dtreoirlínte comhfhreagracha go léir.
Mar ealaíontóir gairmiúil ag luathchéim is féidir leat smaoineamh ar
iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain Lúfaireachta nó ar an Dámhachtain
Sparánachta. Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain Lúfaireachta tacú le
saorealaíontóirí gairmiúla agus cleachtóirí ealaíon ag céim ar bith dá
ngairmréim chun a gcleachtas, a gcuid oibre nó a gcuid scileanna a fhorbairt.
Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain Sparánachta tacú le healaíontóirí gairmiúla
ag céim ar bith dá ngairmréim chun a gcleachtas a fhorbairt. Tríd an dámhachtain,
tugtar am agus acmhainní d’ealaíontóirí chun smaoineamh, taighde agus machnamh
a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena saothar.
Tá sraith gníomhaíochtaí sonracha ag
gach dámhachtain mhaoinithe a bhfuil sé beartaithe aici tacú leo. Tá siad seo
leagtha amach i sraith ‘Treoirlínte’ a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin do
gach dámhachtain. Féach anseo le
haghaidh ár ndámhachtainí go léir agus a dtreoirlínte comhfhreagracha.
Is féidir le Dámhachtainí
Sparánachta (e.g. Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, Dámhachtain
Lúfaireachta) tacú le cleachtóirí
amharc-ealaíon gairmiúla a gcleachtas a fhorbairt agus
saothar nua a dhéanamh, agus tacaíonn dámhachtainí níos dírithe ar thorthaí
(m.sh. Dámhachtain do Thionscadal Amharc-ealaíon) le taighde, táirgeadh agus
cur i láthair saothar nua do lucht féachana/éisteachta poiblí in Éirinn, agus Maoiniú Deontais do na hEalaíona, a
thacaíonn le heagraíochtaí agus le daoine aonair sraith gníomhaíochtaí a chur i
gcrích laistigh de thréimhse shocraithe ama.
Is féidir le heagraíochtaí
amharc-ealaíon iarratas a dhéanamh ar: an Dámhachtain do Thionscadal
Amharc-ealaíon ar thacaíocht i dtreo taighde, léiriú agus cur i láthair saothar
nua do lucht féachana/éisteachta poiblí; Maoiniú Deontais do na hEalaíona chun
tacú le sraith gníomhaíochtaí/iltionscadal thar thréimhse shocraithe ama; nó
Gairmeacha Oscailte chun cleachtas amharc-ealaíon a fhorbairt agus a athrú agus
saothar uaillmhianach ardphróifíle a chruthú ar scála náisiúnta.
Is féidir le grúpaí
amharc-ealaíontóirí iarratas a dhéanamh ar Scéim Spás Oibre na
nAmharc-ealaíontóirí chun tacaíocht a fháil i dtreo a spásanna oibre a
reáchtáil, agus nuair is indéanta, chun leibhéal fóirdheontais a chumasú do na
healaíontóirí atá ag obair ina spásanna.
Tá roinnt príomheagraíochtaí ann a bhfuil cuntas
teiste seanbhunaithe acu a fhaigheann tacaíocht trí Mhaoiniú Straitéiseach.
Tacaíonn na heagraíochtaí seo le bonneagar riachtanach na nAmharc-ealaíon ar
fud na hÉireann ach cleachtais agus smaointe ealaíontóirí a fhorbairt, agus
eispéiris ealaíon den scoth a chur ar fáil don phobal.
Is é aidhm Dhámhachtain Sparánachta
na nAmharc-ealaíon tacú le healaíontóirí agus le coimeádaithe gairmiúla aonair
a gcleachtas ealaíonta a fhorbairt le cistí chun tréimhse fhada ama a
choinneáil ag forbairt agus ag obair ina stiúideo/spás oibre.
Sula ndéanann tú iarratas ar aon dámhachtain, cinntigh
le do thoil go léann tú na treoirlínte dámhachtana is nuashonraithe ar ár suíomh gréasáin.
Breithneoidh. Is é aidhm Dhámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair agus le coimeádaithe a gcleachtas ealaíonta a fhorbairt, agus leagann sé béim ar luach na dtréimhsí fada ama a chaitear ag plé le do shaothar i do stiúideo/spás oibre. Is féidir iarratais ar thacaíocht i dtreo an chostais don chíos do stiúideo/spás oibre a chur san áireamh i d'iarratas ar an Sparánacht.
Is féidir le grúpaí amharc-ealaíontóirí iarratas a dhéanamh ar Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí chun tacaíocht a fháil i dtreo a spásanna oibre a reáchtáil, agus nuair is indéanta, chun leibhéal fóirdheontais cíosa a chumasú do na healaíontóirí atá ag obair ina spásanna.
Is
féidir le healaíontóirí, coimeádaithe agus cleachtóirí ealaíon iarratas a
dhéanamh ar an Dámhachtain Lúfaireachta agus Dámhachtain sparánachta. Tá an
dámhachtain seo oscailte d'iarratais atá beartaithe go sonrach chun cleachtas,
scileanna nó saothar a fhorbairt. Áirítear leis sin deiseanna forbartha thar
lear agus costais a bhaineann le taisteal idirnáisiúnta chun cleachtas,
scileanna nó obair ealaíonta a fhorbairt.
Tabhair
faoi deara: Níl sé de shainchúram ar an gComhairle Ealaíon tacú le staidéar
thar lear ná le saothar ealaíne a thaispeáint thar lear. I gcás an dara ceann,
is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Cultúr Éireann trína suíomh gréasáin www.cultureireland.ie
Léigh na treoirlínte go cúramach; cuimsíonn na treoirlínte do gach dámhachtain mhaoinithe gach eolas a theastaíonn uait; ó na gníomhaíochtaí a dtacaíonn an dámhachtain leo, go dtí an t-ábhar tacaíochta a theastaíonn uait a chur san áireamh i d'iarratas, agus na critéir a ndéanfar measúnú ar d'iarratas ina gcoinne.
Seiceáil go bhfuil do thogra oiriúnach do chuspóirí sonracha na dámhachtana a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith. Tá sraith gníomhaíochtaí sonracha ag gach dámhachtain mhaoinithe a bhfuil sé beartaithe aici tacú leo, tá siad seo leagtha amach sna ‘Treoirlínte’ a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin do gach dámhachtain. Féach anseo le haghaidh ár ndámhachtainí go léir agus a dtreoirlínte comhfhreagracha.
Bí soiléir faoin méid is mian leat a bhaint amach leis an tacaíocht mhaoinithe a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith, agus cuir san áireamh i do thogra an chaoi a gcomhlíonann na gníomhaíochtaí atá leagtha amach agat cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith.
Cinntigh go bhfuil d'ábhar tacaíochta ar ardchaighdeán; déan samplaí amhairc agus/nó scríofa d'ardchaighdeán de do chuid saothair a sholáthar, a léiríonn do chleachtas go dtí seo agus atá ábhartha do do ghníomhaíochtaí beartaithe.
Tá sraith shonrach critéar ag gach dámhachtain mhaoinithe maidir le hincháilitheacht. Is féidir iad seo a fháil sna treoirlínte do gach dámhachtain.
Ní féidir le duine ar bith atá cláraithe faoi láthair mar mhac léinn fochéime iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon.
Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh mar mhic léinn iarchéime, ach ní le haghaidh táillí ná le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid staidéir.
Níl cead ag iarratasóirí tograí a bhfuil measúnú déanta orthu cheana féin ag an gComhairle Ealaíon a chur isteach arís, mura léiríonn tú gur fhorbair tú an togra ó rinne tú iarratas roimhe seo.
Ní mór duit an t-ábhar tacaíochta riachtanach go léir a chur isteach mar atá leagtha amach sna treoirlínte dámhachtana le d'fhoirm iarratais. Is éard is ’ábhar tacaíochta' ann ná ábhar ar leith ó d'fhoirm iarratais agus sa bhreis uirthi (e.g. CV, íomhánna, naisc chuig físeán, plean tionscadail, buiséad, etc.). Má tá ábhar tacaíochta riachtanach in easnamh ar d'iarratas, ní bhreithneofar d'iarratas le haghaidh measúnaithe.
Tabhair faoi deara, éilíonn roinnt dámhachtainí Amharc-ealaíon ábhar tacaíochta difriúil do gach snáithe den dámhachtain (e.g. Dámhachtain Tionscadail, Snáithe 1 agus Snáithe 2). Léigh na treoirlínte go cúramach le do thoil chun a chinntiú go gcuireann tú an t-ábhar tacaíochta riachtanach go léir isteach le d'iarratas.
Ní mór duit a bheith i do chónaí i bPoblacht na hÉireann le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann iad. Bheadh ar an iarratasóir a shonrú go soiléir san iarratas go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin leis na healaíona i bPoblacht na hÉireann, agus chaithfeadh an Chomhairle Ealaíon a bheith sásta leis sin freisin.
Mar gheall ar an líon mór iarratas a
fhaigheann na hAmharc-ealaíona, tógann an próiseas measúnaithe agus
cinnteoireachta idir deich agus cúig seachtaine déag de ghnáth.
Tá buiséad teoranta ag an gComhairle Ealaíon i gcomparáid le líon na n-iarratas a fhaigheann sí. Mar gheall air seo, agus nádúr iomaíoch na ndámhachtainí, ní féidir gach iarratas atá incháilithe agus maith a mhaoiniú. Fiú má tá an t-iarratasóir incháilithe agus má chloíonn sé/sí leis na critéir mheasúnaithe, ní hionann sin is a rá go mbronnfar dámhachtain air/uirthi. Bronntar na dámhachtainí go léir i dtimpeallacht iomaíoch a dhíríonn ar na critéir atá leagtha amach don dámhachtain.
Cuimhnigh, mura n-éiríonn le d'iarratas, ní choinneofar amach thú ó bhabhtaí amach anseo ná ar dhámhachtainí eile ón gComhairle Ealaíon. Mar sin féin, tabhair faoi deara nach féidir leat iarratas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a ndearna an Chomhairle Ealaíon measúnú orthu cheana féin, mura féidir leat a léiriú go ndearna tú an togra a fhorbairt óna chuir tú iarratas isteach an uair roimhe.
Déanann Comhairleoir Amharc-ealaíon agus/nó an fhoireann Amharc-ealaíon measúnú ar gach iarratas incháilithe. Déantar gach iarratas a mheas in aghaidh na gcaoi a gcomhlíonann sé na critéir mheasúnaithe don dámhachtain. Tá na critéir mheasúnaithe do gach dámhachtain san áireamh sna treoirlínte dámhachtana ábhartha faoin gcuid dar teideal ‘Conas a dhéanaimid measúnú ar d'iarratas'.
Más mian leat an measúnú ar d'iarratas a léamh, seol ríomhphost chuig an Oifigeach Amharc-ealaíon agus seolfaimid cóip de do mheasúnú chugat. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an measúnú ar d'iarratas a fheiceáil is cuma má éirigh le d’iarratas nó nár éirigh.
Ar an drochuair, de bharr srianta ama, níl foireann na nAmharc-ealaíon in ann bualadh le daoine seachas in imthosca eisceachtúla. Mar sin féin, tig leat ríomhphost a chur chugainn nó glao gutháin a chur orainn am ar bith má bhíonn ceisteanna agat agus rachaimid i dteagmháil leat a luaithe agus is féidir agus déanfaimid ár ndícheall chun cabhrú leat. Molaimid duit breathnú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon ar dtús, áit a dtugtar freagraí ar na ceisteanna is coitianta maidir leis an bpróiseas iarratais. Tugtar faisnéis ann freisin faoin maoiniú uile atá ar fáil.
In 2024, beidh aon
bhabhta amháin den Dámhachtain Lúfaireachta agus dhá bhabhta de Dhámhachtain
Sparánachta na nAmharc-ealaíon. Is féidir leat iarratas a chur isteach ar an
Dámhachtain Lúfaireachta agus ar aon bhabhta amháin de Dhámhachtain
Sparánachta na nAmharc-ealaíon in 2024.
Beidh deis ann le
hiarratais a chur isteach ar an Dámhachtain Lúfaireachta i lár mhí an Mhárta le
spriocdháta ar an 25 Aibreán. Beidh deis ann le hiarratais a chur isteach ar
Dhámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon Babhta 2 ag deireadh mhí na
Bealtaine le spriocdháta ar an 20 Meitheamh.
Má tá tú ag cur isteach
ar an Dámhachtain Lúfaireachta agus ar aon bhabhta amháin den
Dámhachtain Sparánachta in 2024, ní foláir duit a chinntiú go gcuirfidh tú dhá
thogra dhifriúla isteach ar gach aon dámhachtain, agus go mbeidh na tograí ag
teacht leis na spriocanna áirithe den dámhachtain lena mbaineann siad agus ar a
gcuireann tú isteach.