*TÁ AN SPRIOCDHÁTA IARRATAIS CAITE ANOIS*
Chomhlaigh Chruthaitheacha is Múinteoirí
Tá dlúthbhaint ag ról an Chomhlaigh Chruthaithigh le rath an tionscnaimh Scoileanna Ildánacha. Táthar ag súil go n-oibreoidh an Comhlach Cruthaitheach i gcomhpháirtíocht le scoil amhain chun forbairt a dhéanamh ar an saineolas agus ar na cineálacha cuir chuige a fhorbróidh agus a chothóidh na healaíona agus cleachtais chruthaitheacha ina gcuid scoileanna. Tarraingeoidh Comhlaigh Chruthaitheacha ar an raon deiseanna sa scoil agus sa phobal níos leithne chun cleachtais chruthaitheacha a spreagadh agus tacú leo mar chuid de phlean na scoile.
Is éard a bheidh i gComhlaigh Chruthaitheacha oideoirí a bhfuil a gcleachtas ealaíon agus cruthaitheach féin acu agus tuiscint thar cuimse ar an gcruthaitheacht agus a cumas saol leanaí agus daoine óga a athrú ó bhonn. Mar ghníomhairí dinimiciúla don athrú, beidh cumas ar leith acu comhpháirtíochtaí marthanacha a bhunú idir múinteoirí, foireann na scoile, foghlaimeoirí agus comhpháirtithe eile.
Smaoineoidh Comhlaigh Chruthaitheacha as an nua agus déanfaidh siad riachtanais scoileanna a mheaitseáil le deiseanna cruthaitheacha ina gcóngaracht. Aithneoidh siad réimsí féideartha i gcomhair feabhas agus spreagfaidh siad, fuinnmheoidh siad agus tiomáinfidh siad scoileanna chun le dul i ngleic leo seo. Tríd an tionscnamh ceannródaíoch seo, beidh an deis ag Comhlaigh Chruthaitheacha cruth a chur ar áit na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i scoileanna na hÉireann.
Táthar ag súil go bhfostófar idir 15-20 gComhlach Cruthaitheach is Múinteoirí chun seirbhísí a sholáthar. Beidh gach comhlach ina chomhpháirtí le scoil amháin.
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagann sé iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar: Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon). Cuirimid fáilte nach beag roimh iarratasóirí nua agus tugaimid spreagadh d’iarratais ó gach cuid den phobal beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, stádas sibhialta nó teaghlaigh, creideamh, aois, míchumas, cine nó duine den Lucht Siúil, nó cúlra socheacnamaíoch.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór iarratais a chomhlíonadh agus a chur isteach trí Jotform roimh 17.00 uair an chloig (am áitiúil) 31 Lúnasa 2023.
Ní ghlacfar le hiarratais nach bhfuil comhlánaithe go hiomlán ná le hiarratais dhéanacha.
Leabhrán Eolais um Chomhlaigh Chruthaitheacha is Múinteoirí 2023
Ceisteanna Coitianta maidir le Chomhlaigh Chruthaitheacha is Múinteoirí 2023