
Leanaí ag baint suilt as léiriúchán ar Flea Circus le Pignut Productions (Grianghraf: Mike Mulcaire)
Bíonn leanaí ag foghlaim ó thagann siad ar an saol agus táthar á aithint de réir a chéile go múnlaíonn a gcuid eispéireas ar an bhfoghlaim agus ar an oideachas iad i rith a saoil agus go n-imríonn siad tionchar orthu freisin. I ndiaidh comhráití comhstádais le cleachtóirí ealaíon luath-óige in Éirinn i nDeireadh Fómhair 2012, shainaithin an Chomhairle Ealaíon roinnt bunchéimeanna a bheadh le glacadh ag leibhéal taighde ionas go múnlófaí beartas agus soláthar i réimse ealaíon luath-óige, réimse atá ag fás go tapa. Ba iad seo: mapáil ar thírdhreach na luath-óige maidir le beartas poiblí agus soláthar ionas go gcuideofaí le treoshuíomh sa réimse, go háirithe i dtéarmaí na háite agus na dóighe a bhféadfaí na healaíona a ‘shuí’; staidreamh scóipe agus iniúchadh ar chleachtas reatha na hÉireann sa réimse seo; sainpheirspictíocht idirnáisiúnta a fháil ina léireofaí na príomhcheisteanna agus an réasúnaíocht ar thábhacht na hoibre, agus ina léireofaí an fhianaise ar na fáthanna ar réimse é seo a bhfuil aird déantóirí beartas poiblí ag teastáil uaidh.
Chuige sin, choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon tuarascáil taighde, Ealaíon Luath-Óige: Trí Pheirspictíocht,
- inar áiríodh léargas ar bheartas agus ar sholáthar Oideachas agus Cúram Luath-óige (ECEC) in Éirinn;
- doiciméad eolais ar ról na n-ealaíon i bhfoghlaim agus i bhforbairt luath-óige;
- peirspictíocht idirnáisiúnta ar dhea-chleachtas in Ealaíona Luath-Óige.
Doiciméadaíodh tionscadail ealaíon luath-óige le linn an taighde.
Íoslódáil
Ealaíona Luath-Óige: Trí Pheirspictíocht (PDF, 1.08 MB).