Suíomh
na Comhdhála
Beidh imeachtaí na comhdhála ar siúl i gCathair na Gaillimhe thar dhá lá in dhá shuíomh.
Lá a hAon – 11 Bealtaine
- Amharclann Halla na Cathrach, Éirchód: H91 H3C2
- Club Rámhaíochta na Gaillimhe, Éirchód: H91 K072
Lá a Dó – 12 Bealtaine
Léarscáil
Tá léarscáil de na hionaid tionóil, na hóstáin agus den pháirceáil ar fáil anseo do thoscairí:
Taisteal i gCathair na Gaillimhe
Rothair
TFI
Bike Share (Rothair Coca-Cola) - 23 stáisiún / 193 rothar timpeall na Gaillimhe.
Brite
Mobility - rothair leictreacha agus móipéidí ar cíos i gCathair na Gaillimhe.
Tacsaithe
Aip Free Now - Tacsaithe ar fáil i nGaillimh leis an aip Free Now.
Busanna
Bíonn nuashonruithe beo maidir le busanna ar Google Maps agus Apple Maps agus bealach éasca atá iontu do bhealach a rianú.
Is aip taistil fíor-ama é aip TFI agus
is féidir é a íoslódáil ar ghléasanna Android agus IOS.
Tá roinnt busanna ann a imíonn ón bhFaiche Mhór chomh fada le hOllscoil na Gaillimhe, 402, 404 agus 405 san áireamh. ‘Príomhgheata NUIG’ an stad d’Ollscoil na Gaillimhe.
Páirceáil do Charranna
- Carrchlós Ard-Eaglais na Gaillimhe - Costas: €6.50 sa lá
- Carrchlós Bhóthar na Díge - Costas: €6.50 sa lá
- Barr an Chalaidh (páirceáil teoranta ar an tsráid) - Costas: €2 san uair / 2 uair an chloig ar a mhéad
Páirceáil in Ollscoil na Gaillimhe
Tá páirceáil an-teoranta ar fáil san Ollscoil mar tá an chuid is mó de curtha ar leataobh don fhoireann. Tá spásanna poiblí íoc agus taispeáin ar fáil ach ní féidir iad a chur in áirithe roimh ré agus tá polasaithe éagsúla i bhfeidhm i suíomhanna
éagsúla taobh istigh den choláiste.
Tá trí phríomhshuíomh páirceála ann:
- Páirceáil ag Foirgneamh IT - H91 FYH2 - Costas: €1.50 san uair / €10 sa lá
- Carrchlós, 18 Bóthar na Drioglainne- H91 AW6X - Costas: €2 sa lá / 2 uair an chloig ar a mhéad
- Carrchlós, 16 Bóthar na Drioglainne- H91 AW6X - Costas: €1.50 san uair / €10 sa lá
Tá Í&T le feiceáil ar na spásanna
íoc agus taispeáin ar fad agus tá línte gorma timpeall orthu.
Ag
Taisteal go Gaillimh
Ar an Traein: Is féidir traein a fháil go Gaillimh ó Stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath nó ó Stáisiún Cholbhaird i Luimneach nó ó Ghabhal Luimnigh. Chun na bealaí seo a fheiceáil, téigh chuig Irish Rail, moltar
go láidir áirithintí a dhéanamh.
TABHAIR FAOI DEARA, le do thoil, de bharr oibreacha innealtóireachta nach bhfuil Iarnród Éireann in ann córas áirithinte ar líne a thairiscint do Threnacha ar an 11 agus 12 Bealtaine. Ba cheart go mbeadh amanna traenach cinnte ar fáil ó dheireadh mhí Aibreáin. Is féidir ticéid bus a chur in áirithe mar rogha eile, féach thíos le do thoil.
Ar an mbus: Tá seirbhís bus Citylink go Gaillimh ar fáil ó Chorcaigh, Luimneach agus Baile Átha
Cliath. Moltar go láidir áirithintí a dhéanamh ar na bealaí seo.
Cuireann Bus Éireann roinnt bealaí bus ar fáil fud fad na tíre chomh maith agus tá liosta iomlán na seirbhísí ar fáil anseo.
Sa charr: Is féidir treoracha mionsonraithe chun taisteal sa charr ó Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Sligeach agus Dún na nGall a íoslódáil anseo Taisteal sa Carr