Cumadóir, dearthóir fuaime agus ceoltóir í Alma Kelliher atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Áirítear lena creidiúintí amharclainne: riverrun (Emergency Room, camchuairt dhomhanda) Buaiteoir an Dearaidh Fuaime is Fearr, Gradaim Amharclainne an Irish Times 2013; The Elephantom (UK National Theatre agus West End); Cure (Fearghus Ó Conchuir); I’m Your Man (thisispopbaby).
Tá BA sa Cheol (Coláiste na Tríonóide) agus MSc i nDearadh Fuaime (Ollscoile Dhún Éideann) ag Alma. Rinne sí staidéar ar an Orgán leis an London College of Music, Speech and Drama agus is céimí í de chuid Chlár SEEDS Rough Magic 2010-11. Tá Alma ina ball de The Evertides – tríréad ceoil a bhfuil tionchar ag ceol tíre, ceol gaspal agus harmóin ghutha orthu.
riverrun by Olwen Fouéré. Photo: Colm Hogan
←Fill ar ais go dtí an leathanach An Chéad Ghlúin Eile