File is ea Annemarie as Iarthuaisceart Dhún na nGall. Foilsíodh a cuid dánta in Éirinn agus thar lear. Áirítear le roinnt de na mórfhoilseacháin ina raibh a saothar le feiceáil Poetry Ireland Review, The Stinging Fly, The Shop agus The London Magazine.
In 2013, roghnaíodh Annemarie i gcomhair na sraithe Emerging Writers ag Féile Filíochta an Earraigh i gCorcaigh agus na sraithe Introductions, de chuid Éigse Éireann. Le déanaí, bronnadh comhaltachtaí litearthachta uirthi ó Akademie Schloss Solitude (an Ghearmáin), JackKerouac House (Orlando) agus Hawthornden Castle (Dún Éideann). Tá Annemarie ina comhbhunaitheoir ar Upstart agus céimí in 2011 den MPhil sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag Ionad Oscar Wilde, TCD.