Cumadóir is ea David Coonan. Tá a obair tiomanta ag nóisean na hathchúrsála cruthaithí, agus mar gheall ar a fhiosracht cheoil uileghlactha tá corpas saothar cumtha aige ina bhfuil tionchar éagsúil le brath.
I measca na ndaoine a thaibhigh ceol David tá orgánaí Chathair Bhéal Feirste Colm Carey, an London Symphony Orchestra, agus Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ – a choimisiúnaigh a shaothar ceolfhoirne Sarcasms mar chuid dá Sraith Horizons 2015. Is cumadóir cónaithe Fuaime agus Ceoil ‘Embedded’ é faoi láthair leis an BBC Symphony Orchestra.
Rinne David staidéar ar an gcumadóireacht ag TCD, agus ag an Royal Academy of Music, Londain, áit ar bhain sé céim amach le Gradam agus gradam DipRAM as a shárphunann deiridh.