Tá mo chroí agus m’anam sa chathair. Scríobhaim i siopaí caife, ar an mbunús go gcuireann an crónán íseal a bhíonn ag gníomh an duine ar mo shuaimhneas níos mó mé ná ciúnas iomlán mar ar feadh chuid mhór de stair an duine chiallaigh torann bog nach raibh aon cheo in aimhréidh nó murach sin bheadh duine éigin ag screadach ach chiallaigh ciúnas iomlán go raibh tíogar cuarfhiaclach ag éalú suas ar tí breith ort. Foghlaimím línte nuair a bhím ag rothaíocht, tugaim liom giotaí cainte barúla a chloisim daoine a rá ar bhusanna agus ligim orm féin gur mé féin a chum iad, bím compordach ag scríobh sa chathair agus is faoin gcathair a scríobhaim.
Is ait an áit é Eanach Mhic Dheirg domsa mar sin, ach má bhí mé siar leis ó thaobh easpa compoird de chúitigh mé é ó thaobh ama agus cainte de.
Is fiú go mór tréimhse a chaitheamh ar shiúl ó chruinnithe léiriúcháin, léiriúcháin, ríomhphoist, agus feidhmchláir.
Níor chreid mé riamh an smaoineamh go dteastaíonn uait a bheith ar an gcúlráid le smaoineamh ar smaointe éagsúla, ach siúráilte cinnte tá roinnt smaointe ann nach dtiocfaidh leat mura mbíonn am agat smaoineamh orthu. Is deas an rud stopadh den lapadaíl agus tumadh.
An rud iontach eile faoi Eanach Mhic Dheirg ná go bhfuil fáil agat ar dhaoine a bhfuil an rud céanna ar bun acu is atá agat féin. Is cuma faoin disciplín, tá gach duine ag déanamh rud éigin a rachaidh i bhfeidhm ar lucht féachana. An deis labhairt le healaíontóirí eile faoina saothar – an imní, na mionsonraí beaga – agus is bronntanas ann féin é sin a phlé go mion rud is annamh a éireoidh leat a dhéanamh i ngnáth-chomhrá. Dar liom féin nach dtuigfidh tú cad a theastaíonn ó shaothar go dtí go n-aimsíonn tú é, ach uaireanta b’fhéidir go bhfuil sé aimsithe ag duine éigin eile romhat.