Formhór na ndaoine a bhaineann slí mhaireachtála as na healaíona, idir amharc-ealaíontóirí, déantóirí téatair, filí, ceoltóirí, caitheann siad go léir saol sách guagach. Ag teacht lena slí mhaireachtála sna healaíona is minic go mbíonn foirm eile fostaíochta acu mar bhealach chun airgead a shaothrú. Dá bhrí sin nuair nach bhfuil tú ag saothrú i do phost lae, is acmhainn iontach é am a chaitear a bhainistiú, a ionramháil agus a úsáid go héifeachtach chun ealaín a chruthú. Nuair a deirim ealaín a chruthú tá na rudaí seo a leanas i gceist agam: taighde, acmhainní a lorg, rudaí a eagrú, buiséadú, iarratais a scríobh, líonrú, scríobh, ag triail rudaí amach, ag teipeadh, ag tosú arís, ag scaipeadh amach... níl aon deireadh leis an liosta agus tógann na rudaí seo go léir go leor leor ama. Mar sin idir a bheith ag obair i bpoist lae, ag cruthú ealaíne agus ag maireachtáil agus an t-am a thógann na rudaí sin (stocaí a fhilleadh, dinnéir a dhéanamh, airgead a chur i do chuntas bruscair ar líne etc.) is annamh a bhíonn an t-am ag ealaíontóirí do na gnéithe is tábhachtaí de dhéanamh na healaíne: plé agus caidreamh criticiúil le do chomhghleacaithe.
Is aisteach an rud é ocht strainséir déag a thabhairt le chéile in áit iargúlta agus gnáthchúraimí an tsaoil á bhfágáil ina ndiaidh acu. Níl aon phost acu, níl aon siopadóireacht le déanamh, díreach seachtain iomlán den ealaín d’oíche is de ló. Níl aon rialacha sonracha ann ná aon ghnásanna aitheanta le cur i gcrích. Tá a fhios againn go bhfuil ÁR leithéidí ann, ach níl aithne againn ar a chéile. Tagaimid ó dhisciplíní agus ó chúlra difriúla. Iarrtar orainn béile a ithe le chéile gach tráthnóna ag 7pm. Cad a tharlóidh?
Cuirfear peirspictíocht nua as cor. Beidh corr is cúiteamh faoi reachtaíocht. Pléifear smaointe éagsúla. Roinnfear taighde. Inseofar scéal rúnda. Roinnfear eagla. Nochtfar cleas draíochta ársa. An cheist a bhí á seachaint agat. An pointe nach raibh tú a thuiscint. Cruthófar smaoineamh nua. An mhuinín agus an inspioráid chun leanúint ar aghaidh.