Céimí eolaíochta atá anois ina scannánóir is ea Jijo Sebastian. Tá cúig ghearrscannán agus príomhscannán amháin déanta aige ag díriú ar shaolta phobal na nIndiach in Éirinn. Tar éis dó cónaí in áiteanna éagsúla, tá suim ag Jijo i dtéamaí aitheantais agus muintearais i ndomhan domhandaithe. Bíonn a obair turgnamhach i bhfoirm agus bíonn greann dorcha ann go minic.
Taispeánadh scannáin Jijo ag féilte scannán idirnáisiúnta lena n-áirítear an International Short Film Festival of Uruguay (2013), Vibgyor International Film Festival, Thrissur, Kerala, an India (2013) agus Fokana Film Festival, Illinois, SAM (2014). Tá sé ag obair faoi láthair mar Ealaíontóir sa Phobal le Create.
Parakayapravesham (To Take Another Human Form) Jijo Sebastian