Tá Dan Colley ina stiúrthóir, ina chóiritheoir drámaí agus ina éascaitheoir. Is léiritheoir é Matthew Smyth. Le chéile, ritheann siad an Collapsing Horse, compántas a chruthaíonn amharclannaíocht shiamsúil, ghríosaitheach, dírithe ar an lucht féachana a thugann disciplíní ealaíonta le chéile, lena n-áirítear puipéad, amharclannaíocht fhisiciúil agus ceol.
Cuireadh a léiriúcháin go dtí seo, Monster/Clock (2012), Human Child (2013), Distance From The Event (2013) agus Bears in Space (2014) i láthair ar chamchuairteanna in 22 ionad i gceithre thír, lena n-áirítear an Soho Theatre, Londain; Gogol Centre, Moscó agus Edinburgh Fringe. Tá Collapsing Horse ina nEalaíontóirí Amharclannaíochta Cónaithe in Draíocht, Baile Bhlainséir.
Lena ndámhachtain 16x16 fásfaidh siad a bhféile Champa Samhraidh agus bunóidh siad Collapsing Horse Ensemble.
Is céimí de chuid OÉ Gaillimh agus chlár Artstrain NAYD é Dan. Is céimí de chuid TCD é Matthew.
The Aeneid, Collapsing Horse. For Dan & Matthew