Físealaíontóir is ea Mollie Anna King. Rinne sí staidéar ar a BA ag Coláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Corcaigh sula ndearna sí MFA i nDealbhóireacht ag Slade School of Art in 2013. Fuair sí gradam cuimhneachán Barto dos Santos agus gradam Land Securities, agus chríochnaigh sí cónaitheacht stiúideo le déanaí in Bow Arts.
Bhí seónna aonair aici sa Black Mariah (2013), Corcaigh agus sa CANAL Gallery i Londain (2014) le Group Shows in APT Gallery, Londain (2014) agus GL Strand, Cóbanhávan (2013). Oibríonn Molly Anna le hábhair shintéiseacha agus nádúrtha, ag fiosrú a ‘n-insintí intreacha’ agus ag cruthú ‘dealbha antrapalárnacha’.
Tá sí ag obair faoi láthair ar Choimisiún Dealbhóireachta do Choláiste Naomh Aingeal, Corcaigh leis an Monarcha Náisiúnta Dealbhóireachta agus O’Donnell + Twomey Architects.
uberrelic1200, Mollie Anna King