Rinne Philip Connaughton staidéar ag an Rambert School of Ballet and Contemporary Dance, Londain. Bhí sé ina Ealaíontóir Comhlach le Damhsa Éireann in 2013/14. In 2012, bhí sé ina Ealaíontóir Cónaithe ag axis: Baile Munna áit ar chruthaigh sé Mortuus Est Philippus d’Fhéile Rince Bhaile Átha Cliath.
Ainmníodh a shaothar, Tardigrade, faoi dhó agus bhuaigh sé an dearadh is fearr ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2014. Chruthaigh sé saothar nua le déanaí, Whack!!, i gcomhair le Compagnie Kashyl i bPáras agus rachaidh sé ar camchuairt leis sa Fhrainc agus in Éirinn in 2016. Faigheann sé inspioráid ón iomarca ruda, tá suim aige i ndamhsa atá inrochtana, ach dúshlánach, agus mar thaibheoir déanann sé iarracht brú thar an gcatagóiriú.
Tardigrade, Philip Connaughton