Físealaíontóir is ea Ramon Kassam as Cathair Luimnigh. Tá péintéireachtaí mar bhunús lena chleachtas, ionchorpraíonn sé móitífeanna éagsúla, agus déantar iad mar thoradh ar athrú iomasach agus ath-chomhthéacsú ábhar stiúideo, gnéithe beathaisnéiseacha agus stair ealaíne.
Fuair Ramon a BA sa Phéintéireacht Mínealaíon ó Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh in 2007. Taispeánadh a shaothar go rialta ó 2010 i leith. Áirítear lena thaispeántais: Dánlann Chathair Luimnigh (2015 Solo), Eva International, Luimneach (2014). Pallas Projects, Baile Átha Cliath (2013, taispeántas aonair). Bronnadh roinnt scéimeanna cónaitheachta air chomh maith; Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (2013), Gradam Cónaitheachta RHA Tony O’Malley (2013/14), The Ethiopian Project Residency - Irish Embassy, an Aetóip (2014), agus Temple Bar Gallery & Studios - Project Studio Award (2015/16).
Gallery, Limerick City Gallery of Art. Photograph: Eamonn O'Mahony.