Úsáideann Ruth Clinton agus Niamh Moriarty taibhiú, físeán, suiteáil fuaime agus scéalaíocht, mar aon le próiseas taighde mionsonraithe chun físeanna díomuaine agus friotaíochta a chur in iúl. Tá saothar á thógáil acu faoi láthair timpeall ar thabhairt isteach Am Coigilte Sholas an Lae go hÉirinn i 1916 d’fhonn dul i ngleic leis an bpobal i scrúdú criticiúil ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann.
Áirítear le taispeántais le déanaí dá saothar: Foaming at the Mouth 6, imeacht amharcealaíne focal labhartha, Amstardam, 2015, arna choimeád ag Tracy Hanna & Emer Lynch; Amid the Deepening Shades, taispeántas grúpa féintosaithe ag an Deer Park Hotel, Binn Éadair, 2014; agus Wound with a Tear, taispeántas aonair amach ón suíomh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i gcomhar le Dánlann Dhubhghlais de hÍde, arna choimeád ag Michael Hill, 2014.
Tá os cionn scór taispeántas forbartha agus taispeánta ag Ruth agus Niamh ó 2011 i leith. Bronnadh Cónaitheacht Meán Digiteach orthu ó Firestation studios in 2011 agus Sparánacht Físealaíontóra Chomhairle Ealaíon in 2013. Bhain Ruth Clinton céim Mháistreachta amach in Art in the Contemporary World ag NCAD le céim chéadonóracha in 2013. Fuair an bheirt ealaíontóirí Céim Bhaitsiléara sa Mhínealaíon ó NCAD in 2010
Fog-Detector, Amid-the-Deepening-Shades, 2014