Déanfaidh an Ceoláras Náisiúnta, an Chomhairle Ealaíon agus RTÉ an Comóradh 50 Bliain de bhás Sheáin Uí Riada a cheiliúradh le dhá cheolchoirm speisialta ina mbeidh Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Ceoltóirí Chualann, an cumadóir iomráite agus mac le Seán, Peadar Ó Riada, an t-amhránaí traidisiúnta mór le rá Seán Ó Sé, Seán Keane, Cormac Begley, Crash Ensemble, Stephen Rea agus i bhfad níos mó. Tá na ceolchoirmeacha, ina gceiliúrfar a éagsúla agus a fhairsinge atá tionchar Uí Riada, mar chuid de Refractions, arb é sin Séasúr Fhómhar an Cheolárais Náisiúnta. Déanfar sruthú beo saor in aisce ar an dá cheolchoirm ar nch.ie agus rte.ie/culture. Craolfar na buaicphointí ó na ceolchoirmeacha ar RTÉ One Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair, agus ar RTÉ lyric fm Dé Domhnaigh, an 3 Deireadh Fómhair.
Seo mar a labhair Robert Read, Príomhfheidhmeannach an Cheolárais Náisiúnta: “Tá lúcháir orainn an dá cheolchoirm speisialta seo a chur i láthair i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus RTÉ chun urraim a thabhairt d’oidhreacht éachtach Sheáin Uí Riada. Ní hamháin go raibh teacht chun cinn an cheoil thraidisiúnta in Éirinn múnlaithe ag Ó Riada, ach rinne sé amhlaidh i gcás shaol cultúrtha na hÉireann agus ár bhféiniúlachta náisiúnta. Níl sárú a shaothar mar chumadóir, mar cheoltóir agus mar chraoltóir le fáil. Tabharfar ómós sa dá cheolchoirm shármhaithe seo, ina mbeidh buíon ealaíontóirí Éireannacha a bhfuil clú agus cáil orthu, do nádúr nuálach agus fileata a shaothair. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Davy, ár gComhpháirtí Nuálaíochta, agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a dtacaíocht leanúnach.”
Ag labhairt di faoi cheiliúradh an 50ú Comórtha, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo a leanas: “Tá an t-ainm ‘Seán Ó Riada’ comhchiallach le forbairt cheol traidisiúnta na hÉireann agus d’éirigh leis, san am gairid a chaith sé i mbun a ghairme, oidhreacht den scoth a fhágáil ina dhiaidh. Ní féidir a shéanadh gur cabhair a bhí san athshamhlú a rinne sé ar an gceol seo againn agus an traidisiún á chaomhnú, agus a bhuí leis an méid a rinne sé, múnlaíodh an dearcadh atá againn sa lá atá inniu ann ar na healaíona traidisiúnta. Bhí Ó Riada ina Stiúrthóir Ealaíne in Amharclann na Mainistreach sna 1950idí agus ba i rith na tréimhse sin a chruthaigh sé a shaothar ceannródaíoch, Mise Éire, saothar a mbítí in ann ceirnín vinile a aimsiú de i nach mór gach teach in Éirinn. Ní raibh an oiread sin cur amach ag roinnt mhaith daoine ar a shaothair chumadóireachta agus a chóirithe, áfach, agus is díol mór sásaimh dom go ndéanfar sa cheolchoirm sin, atá mar chuid den chomhpháirtíocht Tradition Now, an cion tábhachtach a rinne Seán Ó Riada chun cur le ceol na hÉireann a cheiliúradh agus a chur i láthair.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ann-Marie Power, Ceann na nEalaíon agus an Chultúir in RTÉ: “D’fhág Seán Ó Riada go raibh áit dhinimiciúil ag an gceol traidisiúnta i Stát nua agus nua-aimseartha na hÉireann. Anois, caoga bliain tar éis don tír a bhás anabaí, agus é in aois a dhá scór bliain, a chaoineadh, tá ríméad ar RTÉ, mar chuid dá chraoladh speisialta ar raidió, teilifís, agus ar líne le haghaidh an chomórtha 50 bliain, dul i gcomhpháirtíocht leis an gCeoláras Náisiúnta agus leis an gComhairle Ealaíon chun an dá cheolchoirm iontacha seo ‘Portráidí de Sheán Ó Riada’ a léiriú beo os comhair lucht éisteachta náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus iad á sruthú ar rte.ie/culture agus freisin ar nch.ie, agus ina dhiaidh sin ar chláir ina léireofar na buaicphointí ó na ceolchoirmeacha ar RTÉ One agus ar RTÉ lyric fm deireadh seachtaine an chomórtha go luath i mí Mheán Fómhair. Chríochnaigh Ó Riada ina inspioráid, tríd is tríd, agus chuirfeadh sé tocht ort an saibhreas agus an bheocht a mhúscail sé i nglúnta ceoltóirí agus scríbhneoirí, suas go dtí an lá atá inniu ann, a fheiceáil duit féin.”
I gCuid I de Phortráidí de Sheán Ó Riada ar an 25 Meán Fómhar ag 2pm, tabharfaidh Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, faoi stiúir David Brophy, faoi shaothar ceolfhoirneach iomráiteach Uí Riada. Ba é an uaillmhian a bhí ag Ó Riada ceol ceolfhoirneach a chruthú de réir an traidisiúin Eorpaigh. Faoi mar a dúirt sé féin, “is éard is cúis le mo shaol mo phíosaí”. Áirítear sa chlár a shaothar iomráiteach ‘Hercules Dux Ferrariae’, na saothair chorraitheacha ‘Banks of the Sullane’ agus ‘Ceol na Laoi’ mar aon leis na scóir scannáin a rinne sé do ‘Mise Éire’ agus ‘Saoirse’. Sa léiriú seo, cloisfear píosaí ón bhfidléir Aoife Ní Bhriain agus ón bpíobaire uilleann Mick O’Brien.
I gCuid II de Phortráidí de Sheán Ó Riada ar an 25 Meán Fómhair ag 8pm, cloisfear Peadar Ó Riada le Ceoltóirí Chualann agus raon leathan de na ceoltóirí agus na hamhránaithe is fearr sa tír. Díreofar sa Phortráid seo ar oidhreacht éachtach Uí Riada, oidhreacht a chuir le múnlú na hintinne náisiúnta. Déanfaidh ealaíontóirí mór le rá a chanóin éagsúil agus chumhachtach a cheiliúradh, ealaíontóirí ar nós an amhránaithe thraidisiúnta Seán Ó Sé, an fhidléara Seán Keane, an tseinnteora consairtín Cormac Begley, an chumadóra agus ceoltóra neart uirlisí Ryan Molloy, Sibéal Ní Chasaide agus gariníonacha le Ó Riada, Doireann agus Siún Ní Ghlacáin. Beidh Mick O’Brien, Michael Tubridy, John Kelly, Kevin Glackin, Seán Potts, Eamonn McGiveney agus Mel Mercier ag seinm ar an oíche chomh maith.
Beidh lámh ag Crash Ensemble ar a shaothar iomráiteach ‘Hercules Dux Ferrariae : Nomos 1’ le téaduirlisí aonaracha sa chlár freisin. Níorbh bheag an tionchar a bhí ag Ó Riada ar an domhan fileata ach an oiread. Le haghaidh an imeachta comórtha seo, fiosróidh Stephen Rea an éifeacht a bhí aige ar scríbhneoireacht filí amhail Seamus Heaney agus Thomas Kinsella. Ina theannta sin, bainfear leas as fuaimdhreach coimeádta chun an saol eile a bhí ag Ó Riada, a shaol ceoil, a chur i gcomhthéacs.
Is duine de na pearsana is tábhachtaí dá bhfuil ann ó thaobh stair cheol na hÉireann de é Ó Riada. I rith a shaoil, agus trí na sealanna a chaith sé ina Stiúrthóir Ceoil in Raidió Éireann agus in Amharclann na Mainistreach, ina léachtóir ceoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus freisin i mbun saothar fairsing i réimsí an léirithe, na cumadóireachta agus na craoltóireachta, d’éirigh leis teacht chun cinn cheol traidisiúnta na hÉireann agus an dearcadh atá ann air sin a athrú go deo. Tá an fuaimrian a rinne sé do ‘Mise Éire’ agus don albam ‘Ó Riada Sa Gaiety’ i measc na ndéantán is suntasaí ó thaobh an chultúir de in Éirinn.
←Fill ar ais go dtí an nuacht