Inniu, seolann an Chomhairle Ealaíon an Beartas Ailtireachta nua dá cuid, Championing Architecture Is é atá i bhfís na Comhairle Ealaíon ná Éire ina gcuirtear luach le cleachtas cruthaitheach ailtirí, ina gcuirtear cultúr na hailtireachta chun cinn agus ina mbíonn an deis ag gach duine taitneamh agus tairbhe a bhaint as ailtireacht d’ardchaighdeán sa ghnáthshaol.
Déanann an beartas seo machnamh ar an ailtireacht mar chleachtas ealaíon comhaimseartha atá beo agus atá tábhachtach in Éirinn sa 21ú haois. Tá sé á thacú ag bonneagar i gcomhair chultúr ailtireachta agus atá ag teacht le creat beartais níos leithne - sna háiteanna a dtrasnaíonn siad a chéile - darb ainm an Beartas Náisiúnta um Ailtireachta, rud atá á fhorbairt faoi láthair, Project Ireland 2040, agus the New European Bauhaus.
Is é uaillmhian an bheartais, Championing Architecture, ná tacaíocht na Comhairle Ealaíon do chleachtas cruthaitheacha na n-ailtirí a leathnú agus an fheasacht chriticiúil agus an luach a bhíonn ag daoine ar chultúr na hailtireachta a mhéadú in Éirinn.
Ag trácht ar an mbeartas, dúirt Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Tá mé ar bís go bhfuil an beartas ailtireachta de chuid na Comhairle Ealaíon, mar ghníomhaireacht forbartha náisiúnta le haghaidh na n-ealaíon in Éirinn, á sheoladh aici inniu. Foirm ealaíne sonraithe is ea an ailtireacht ón gcead Acht Ealaíon in 1951 i leith. Leathnófar agus cuirfear le ról na Comhairle maidir le cleachtais chruthaitheacha ailtirí agus rannpháirtíocht an phobail san ailtireacht a thacú mar gheall ar an mbeartas seo”.
Dúirt Fionnuala Sweeney, Ceann Scannán agus Ailtireachta ag an gComhairle Ealaíon:
”Is tráth tábhachtach é seo don Chomhairle Ealaíon agus don ailtireacht. Léiríonn ár mbeartas, Championing Architecture tiomantas na Comhairle Ealaíon don ailtireacht agus leagann sé amach cén chaoi ina ndéanfaimid infheistíocht san ailtireacht agus cultúr na hailtireachta a thacú ar mhaithe le hailtirí agus an pobal sna blianta atá amach romhainn.”
Rinne mionphróiseas comhairliúcháin na hearnála, a rinneadh in 2021, eolas don bheartas, mionphróiseas a bhí á éascú ag comhairleoirí M-CO. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, rinneadh comhráite le grúpaí nó ar bhonn duine le-duine le daoine ríthábhachtacha agus le hionadaithe na n-eagraíochtaí agus na ngníomhaíochtaí a bhfuil suim acu san ailtireacht, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. D’fhiosraigh na comhráite ról agus sainchúram na Comhairle Ealaíon i dtaobh na hailtireachta agus cuireadh ealaíontóirí, rannpháirtíocht an phobail, bonneagar le haghaidh chultúr na hailtireachta, chomh maith le tacaíocht agus comhpháirtíochtaí le haghaidh na hailtireachta san áireamh go sonrach.
←Fill ar ais go dtí an nuacht