D’fhógair an Chomhairle Ealaíon na daoine ar éirigh leo i mBabhta 2 dár nDámhachtain Lúfaireachta le haghaidh 2022 inniu. Bhí líon iomlán de 683 rannpháirtí ann ar éirigh leo, rud a fhágann go bhfuil 1,313 rannpháirtí ar éirigh leo ina iomláine sa 2 bhabhta i mbliana.
Tugann an Dámhachtain Lúfaireachta tacaíocht d’ealaíontóirí aonair beag beann ar an gcéim a bhfuil siad inti ina slite beatha. Cuideoidh an deontas Dámhachtana Lúfaireachta atá suas le €5,000, cuideoidh sé le ceoltóirí, aisteoirí, scríbhneoirí, rinceoirí, scannánóirí, amharc-ealaíontóirí agus ealaíontóirí eile a gcleachtas a fhorbairt, daoine atá lonnaithe sna ceithre chúige in Éirinn.
Labhair Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon faoi na dámhachtainí, agus dúirt sí, “Tá ríméad orainn maoiniú a thabhairt d’ealaíontóirí arís agus táimid ag tabhairt níos mó airgid sna dámhachtainí seo ná mar a thugamar ar feadh bliana ar bith go dtí seo. Is foinse inspioráide iontach an chruthaitheacht agus an uaillmhian a fheiceáil sna hiarratais. Táimid ag leanúint ar aghaidh chun naisc riachtanacha a chruthú le healaíontóirí nach bhfuil aithne againn orthu fós, agus tugaimid spreagadh d’ealaíontóirí eile iarratas a dhéanamh, ealaíontóirí go mb’fhéidir nach bhfuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon go dtí seo.”
Cuireadh an Dámhachtain Lúfaireachta i láthair mar fhreagairt thapa don phaindéim in 2020, agus chuir sé maoiniú os cionn €3.2m ar fáil i mBabhta 2, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú Dámhachtana Lúfaireachta os cionn €6.2m in 2022. Ó cuireadh i bhfeidhm é, bronnadh os cionn €14.6m ar 3,117 ealaíontóir tríd an Dámhachtain Lúfaireachta. Chomh maith leis an tacaíocht seo, cuirfidh an Chomhairle Ealaíon maoiniú suntasach ar fáil i gcaitheamh na bliana ar fud na snáitheanna maoinithe ar fad atá againn.
Labhair na daoine ar bronnadh an dámhachtain orthu ar an gcaoi a gcuirfeadh an dámhachtain ar a gcumas uaillmhianta fadtéarmacha a chur i gcrích, ar an gcaoi a dtacódh sí leo agus ar an gcaoi ar chruthaigh an dámhachtain go raibh paisean acu dá gcuid oibre.
Cuimsítear le faighteoirí na Dámhachtana Lúfaireachta; Katie O’Donoghue, a oibríonn mar scríbhneoir, maisitheoir agus síciteiripeoir ealaíne do pháistí. Aik Jolayemi a oibríonn mar amhránaí/cumadóir a thugann tionchair an cheoil rithim agus gormacha ar fud an domhain le chéile le blaiseadh popcheoil. Fiachra Kelleher a oibríonn mar scríbhneoir, agus scríobhann sé ábhar faoi fhicsean liteartha réalaíoch. Julie Lockett a oibríonn mar ealaíontóir damhsa neamhspleách, a dhamhsaigh ar stáitse, a d’oibrigh i gcomhar le daoine eile, a rinne cóiréagrafaíocht, a chuir saothar i láthair agus a stiúir a tionscadail féin. Jack Lunt a oibríonn mar ealaíontóir ilnáisiúnta a ndíríonn a chleachtas ar thionscadail scannáin thurgnamhacha neamhscéalaíochta ina bpléitear le scéalta comhaimseartha. Tomasz Madajczak a oibríonn mar amharc-ealaíontóir gairmiúil a ndíríonn a shaothair ar athrú, diaspóra cultúrtha, teanga agus aitheantas, a chuirtear in iúl trí ealaín a roghnaítear go cúramach ar shuiteáin ilmheánacha suíomhoiriúnaithe nó díreach ar an láthair.
←Fill ar ais go dtí an nuacht