Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon roimh fhógairt an lae inniu de mhaoiniú dar luach €130M mar chuid de Cháinaisnéis 2023. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas na Comhairle Ealaíon leanúint de agus cur lena hinfheistíocht sna healaíona. Aithníonn an Chomhairle Ealaíon go bhfuil tionchar i gcónaí ag Covid-19 ar rannpháirtíocht luchtanna freastail agus go bhfuil dúshláin bhreise roimh an earnáil i dtaca le fadhbanna a bhaineann leis an gcostas maireachtála. Cinntíonn fógairt maoinithe an lae inniu go mbeidh an Chomhairle Ealaíon in ann tacaíocht bhríoch a chur ar fáil don earnáil sa bhliain atá romhainn.
Arsa Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter, “Cuirimid fáilte roimh an gcinneadh an maoiniú a choinneáil ag €130M don tríú bliain as a chéile óir cuirfidh an t-airgead seo ar chumas na Comhairle leanúint de bheith ag cabhrú le hearnáil na n-ealaíon teacht aniar ó phaindéim Covid-19 agus plé le méaduithe suntasacha ó thaobh costas maireachtála de. Leanfaidh an Chomhairle de bheith ag cur cás láidir chun cinn, mar atá déanta aici le dhá bhliain anuas – ar son buiséad bliantúil de €150M d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh ar earnáil na n-ealaíon ar fud na tíre.”
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly, “Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh fhógairt cáinaisnéise an lae inniu. Trí obair na Comhairle Ealaíon, déantar infheistíocht sna mílte ealaíontóir agus sna céadta eagras ealaíon ar fud na tíre agus soláthraítear forbairt fhadtréimhseach don earnáil. Cinntíonn fógairt maoinithe an lae inniu go mbeifear in ann leanúint den obair ríthábhachtach seo.”
Leanfaidh an Chomhairle Ealaíon de bheith ag obair go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus leis an Aire Catherine Martin, agus muid ag féachaint leis na healaíona a chur ag croílár shaol na hÉireann.
←Fill ar ais go dtí an nuacht