D’eisigh an Chomhairle Ealaíon gairm speisialta i gcomhair ealaíontóirí, cleachtóirí agus oibrithe ealaín nach bhfuair deontas riamh chun iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain Aclaíochta, agus chuir siad méadú eile de €2.5 mhilliún ar an scéim le cinntiú go mbainfidh níos mó daoine tairbhe aisti.
Dar leis an ngníomhaireacht rialtais um mhaoiniú agus forbairt na n-ealaíon bhí luach €5.6 mhilliún ar an mbunbhuiséad don Dámhachtain Aclaíochta, a cuireadh i láthair chun freagairt thapa a thabhairt ar an bpaindéim. Le dúshláin neamhghnáthacha ag na mílte ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon maidir le slí bheatha a dhéanamh mar gheall ar na srianta sláinte poiblí, áfach, bronnadh beagnach an buiséad ar fad le linn an chéad dá bhabhta. Bronnadh €5.4m san iomlán ar 1153 ealaíontóir tríd an Dámhachtain Aclaíochta go dtí seo i 2021.
De bharr an mhaoinithe bhreise gheobhaidh na céadta ealaíontóir deontas suas le €5,000 sna seachtainí atá amach romhainn.
“Is foinse inspioráide iontach an chruthaitheacht agus an uaillmhian atá le feiceáil sna hiarratais a fuarthas don Dámhachtain Aclaíochta," a dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly. "Tá an-lúcháir orainn an deis a bheith againn níos mó iarratas a mhaoiniú ná mar a ceapadh ag an tús, agus a bheith in ann ár gcaidreamh le healaíontóirí a leathnú trí iarratais a spreagadh ó aon ealaíontóir nó ó aon oibrí ealaíon nach raibh maoinithe roimhe seo ag an gComhairle Ealaíon."
Tá sé mar phlean ag an ngníomhaireacht seimineár gréasáin faoin bpróiseas iarratais don Dámhachtain Aclaíochta, le béim ar leith ar na coinníollacha a bhaineann le hiarratas maith, a chur ar siúl Dé Máirt an 31 Lúnasa ag 11:00. Is féidir le hiarratasóirí clárú lena aghaidh seo roimh ré anseo nó ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Is é an spriocdháta don dámhachtain ná 17:30 Déardaoin an 9 Meán Fómhair 2021. Dúirt an Chomhairle Ealaíon go bhfuil siad ag tabhairt spreagadh faoi leith d’iarratais ó dhaoine nach raibh maoinithe cheana féin ag an gComhairle Ealaíon, agus chuir siad in iúl gur gá d’iarratasóirí nua clárú roimh ré ag https://onlineservices.artscouncil.ie/Secure/Login.aspx?oldLang=en-ie&lang=gd-ge
←Fill ar ais go dtí an nuacht