Tá
ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon séasúr nua ilDÁNA 2023/2024
a fhógairt.
Is
scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh
fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.
I mbliana, ba mhaith linn suas le dhá fhad scannán
shuntasacha faisnéise a mhaoiniú, le buiséad suas le €135,000 an ceann. Is é
an rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi
leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh
daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach
ann.
Cuirfear
fáilte roimh iarratais ar shraitheanna móra uair a chloig ar fhad freisin ar
bhonn eisceachtúil ar an mbunús go dtabharfai glór faoi leith don
iionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sa saothar sraithe freisin.
Fad a fháilteofar roimh iarratais a bhaineann
le réimse ealaíne nó cleachtas ealaíne ar bith, ba mhaith linn fáilte ar leith
a chur roimh iarratais trína bhfiosrófar foirmeacha ealaíne amhail ailtireacht,
amharclannaíocht, ealaín sráide agus foirmeacha eile ealaíne nach minic a
gcuirtear faoi chaibidil iad i gcláracha faisnéise ealaíon i nGaeilge.
Ní mór
iarratais a dhéanamh chuig TG4 ar an gcóras iarratais ar líne tráth nach déanaí
ná 17:00, Dé Luain
an 11 Nollaig
2023.
Tuilleadh eolais: ilDÁNA | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon
←Fill ar ais go dtí an nuacht