Beidh Oíche Chultúir 2021 ar súil an Aoine bheag seo, an 17 Meán Fómhair, le clár saibhir agus éagsúil le níos mó ná míle imeacht ar siúl i mbailte, cathracha agus sráidbhailte ar fud na tíre. Le 80% d’imeachtaí sceidealta le bheith ar siúl ‘beo’, tugann Oíche Chultúir cuireadh do gach duine gach áit ‘Teacht Le Chéile Arís’ agus gach rud a bhaineann lenár gcultúr sa lá atá inniu ann a aimsiú agus a cheiliúradh.
Is í an Chomhairle Ealaíon a chuireann an ‘ócáid’ náisiúnta seo ar fáil do gach duine, ócáid a nascann daoine le himeachtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta. Déanann an Chomhairle Ealaíon seo a eagrú i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann agus tarraingíonn an ócáid aird ar chaighdeán agus ar leithead institiúidí cultúrtha na hÉireann.
Le clár saibhir agus éagsúil leis na mílte imeacht a chuimsíonn sraitheanna na n-ealaíon agus an chultúir ó ailtireacht go greann, sorcas go damhsa, scannánaíocht go litríocht, músaeim go ceol, oidhreacht go spórt agus eolaíocht go faisean, gan ach cúpla ceann a lua....beidh Oíche Chultúir 2021 ar siúl Dé hAoine, an 17 Meán Fómhair.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD “ Tá Oíche Chultúir ar cheann de na dátaí is mó i bhféilire cultúrtha na tíre le cúpla bliain anuas. I mbliana tá sí níos tábhachtaí ná riamh. Agus muid ag teacht amach as an bpaindéim, tugann sí deis, deis atá ag teastáil go géar dúinn, chun ceiliúradh a dhéanamh mar náisiún ar ár gcultúr agus ar earnáil na n-ealaíon atá fíor-shaibhir agus éagsúil. Tá sé tábhachtach a aithint go mbeidh formhór na himeachtaí atá le bheith ar siúl i mbliana beo, rud a léiríonn cor cinniúnach is an earnáil seo ag teacht chuici féin. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Chomhairle Ealaíon, do na hÚdaráis Áitiúla agus grúpaí ealaíon ar fud na tíre atá tar éis clár leathan agus fairsing a reáchtáil dúinn a bheidh idir bheo agus ar líne, d’ainneoin na ndúshlán leanúnach,.”
Tá an Tascfhórsa Geilleagair Oíche, a bhí bunaithe ag an Aire Catherine Martin, tar éis páirtithe leasmhara éagsúla a thabhairt le chéile ar fud an rialtais agus an earnáil oíche chun cur chuige nuálach a fhorbairt a thacaíonn agus a fhorbraíonn earnáil oíche atá bríomhar, éagsúil agus inbhuanaithe. Mar chuid den obair a dhéanann an Tascfhórsa seo, tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán don Chomhairle Ealaíon chun roinnt ócáid a chur ar siúl ar Oíche Chultúir. Ligfidh sé seo d’ionaid tionóil fanacht ar oscailt níos déanaí, chomh maith le himeachtaí ealaíona leictreonacha a óstáil i mBaile Átha Cliath, Luimneach agus Gaillimh.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon an méid seo a leanas, “Táimid ar bís go bhfuil Oíche Chultúir faoi Theacht Le Chéile Arís le 80% d’imeachtaí ar an Aoine ar siúl beo chomh maith le go leor oscailtí déanacha ar fud na tíre. Ba mhaith liom ár mbuíochas croíúil a ghabháil le gach duine a d’oibrigh go crua chun Oíche Chultúir a chur mar chuid d’fhilleadh sábháilte chuig na healaíona agus an gcultúr. Tugann sé deiseanna don phobal gach bliain iniúchadh a dhéanamh agus taitneamh a bhaint as na rudaí ar fad a chuireann lenár gcultúr ar feadh na bliana ar oíche aoibhinn amháin. Dóibh siúd nach féidir leo teacht go pearsa chuig Oíche Chultúir tá go leor le fáil ar líne, ar an teilifís agus ar an raidió do chách.”
Tá Tarraing le Laureate na nÓg á chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon agus ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn i gcomhpháirtíocht le Leabhair Pháistí Éireann. Léifidh Áine óna scéal Gaeilge Boscadán, agus beidh an maisitheoir Tarsila Krüse in éineacht léi. Agus Tarsila ag tarraingt de réir mar a théann an scéal ar aghaidh, is féidir leis na páistí éisteacht leis an scéal agus a róbat féin a dhearadh. Is féidir rochtain a fháil air seo ar shuíomh gréasáin Oíche Chultúir. Is féidir an físeán a úsáid sa seomra ranga ar Oíche Chultúir agus sa bhaile, agus beidh sé ar fáil ar feadh 72 uair ó mhaidin Dé hAoine 17 Meán Fómhair.
I measc na rudaí nua atá curtha leis an gclár tá Dánlann an Bhuitléaraigh, Cill Chainnigh ag ceiliúradh Oíche an Cheoil Dhomhanda le bailiúchán de cheol agus damhsa ó gach cearn den domhan, ‘Maracatu Ilha Brilhante’ (MiB), Farah Elle agus The South Sudanese Song and Dance Troupe san áireamh. Tá James Collins agus Tom McDonnell, beirt de na stánadóirí deireanacha de chuid an Lucht Siúil in Éirinn, fillte ar an gceird chun nithe tí, amhail crúiscíní, buicéid agus mugaí stáin a dhéanamh de láimh. Cuirfidh siad Léiriú Traidisiúnta de Ghabha Stáin an Lucht Siúil ar siúl in Wood Quay Amphitheatre, Baile Átha Cliath 8. Beidh Molly Collins agus Sheila Reilly, de shliocht an Lucht Siúil, ar an láthair chomh maith chun cuimhní a roinnt maidir le saol traidisiúnta an Lucht Siúil. Le hamhráin agus scéalaíocht, cuireann James Joyce Centre - Ulysses For Kids, beocht in Ulysses agus míníonn sé cuid de na gnéithe ag croí an leabhair – tábhacht na fiosrachta; deacrachtaí a bhaineann le caidreamh teaghlaigh agus grá; agus an fáth a bhfuil áit uainn ar fad ar féidir linn ‘baile’ a chur air. Tá ceardlann bodhrán, atá go hiomlán idirghníomhach á reáchtáil ag Scoil Náisiúnta Ghleann Aoláin, Maigh Eo, agus beidh an deis ag gach duine lámh a leagan ar bhodhrán agus foghlaim conas ceann d’amhráin cháiliúla na hÉireann a sheinm. Beidh an cath is mó riamh, Circus Style, á reáchtáil ag Galway Community Circus Agus é á léiriú ag léiritheoirí gairmiúla sorcais, chomh maith le duine ar bith a thagann agus ar mhaith leo páirt a ghlacadh, cuirfidh an t-imeacht spraíúil áiféiseach greannmhar seo gliondar ar do chroí agus tú ag gáire. Titfidh tú i ngrá leis an Sorcas! Reáchtálfar an Cibeal Draíochta chun áilleacht an cheoil, damhsa ar an sean-nós, ealaín agus filíocht a thaispeáint sa Díseart, Daingean Uí Chúis.
Déanann RTÉ ceiliúradh ar a chomhpháirtíocht le hOíche Chultúir le léirithe teilifíse, coimisiúnaithe go speisialta, chomh maith le cláir, ábhair agus tuairiscí ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. Cuirfidh RTE.ie/Culture roinnt imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre ar fáil freisin. Clúdóidh Arena ar RTÉ Raidió 1 tionscadail agus imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre sna laethanta roimh an oíche í féin. Beidh téama Oíche Chultúir ag The Lyric Concert with Paul Herriott ar RTÉ Lyric FM, le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, agus léifidh Tommy Tiernan Peter Pan and the Wolf. Féach ar an sruthú beo ar líne le RTÉ Culture. Léireoidh clár speisialta Oíche Chultúir de chuid Nationwide scéalta ó phobail ealaíona a bhí ag fulaingt ach ar éirigh leo le bliain anuas, chomh maith le buaicphointí ó na cláir de chuid Oíche Cultúir. Níos déanaí san oíche, déanfaidh The Late Late Show Oíche Chultúir le léiriú oscailte a coimisiúnaíodh go speisialta don ócáid. Is cinnte go mbeidh sé seo thar barr.
Ag ceiliúradh luachanna na hOscailteachta, na Fionnachtana, an Cheiliúrtha agus an Mhuintearais, tá Oíche Chultúir 2021 ag teacht chugat ón gComhairle Ealaíon, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus eagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann. A bhuíochas le tacaíocht leanúnach na Comhairle, tá na gníomhaíochtaí go léir saor in aisce. Go bliantúil cuimsíonn an oíche raon réimsí amhail cultúr, na healaíona, oidhreacht, oideachas, fáilteachas, turasóireacht, sláinte agus fiontraíocht trádála agus chorparáideach. Cabhraíonn méid mór daoine, eagraíochtaí agus ionaid tionóil le cinntiú go dtarlóidh sé gach bliain, lena n-áirítear ealaíontóirí, grúpaí léirithe, dánlanna, músaeim, clubanna spóirt, leabharlanna, ionaid ealaíon, oibrithe ceardaíochta, stiúideonna agus ceardlanna, amharclanna, scoileanna, grúpaí pobail, údaráis áitiúla, ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí poiblí, cuideachtaí iompair, ollscoileanna, siopaí agus go leor grúpaí eile.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Oíche Chultúir 2021, ní mór duit dul chuig www.culturenight.ie nó glac páirt sa chomhrá ar na meáin shóisialta ar na cuntais Facebook, Instagram, Twitter, YouTube agus TikTok atá ag an Oíche Chultúir.
←Fill ar ais go dtí an nuacht