Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon
agus ar an Roinn Turasóireachta, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a fhógairt go
bhfuil Ealaín 2023 - Dámhachtain Rannpháirtíochta oscailte d’iarratais.
Mar fhreagra ar an gcéim dheiridh
de Chlár Dheich
mBliana na gCuimhneachán 2012–2023, tá an Chomhairle Ealaíon ag obair i gcomhpháirtíocht leis an
Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tacú
le clár náisiúnta a chruthú, Ealaín 2023. Cuirfidh an clár seo leis an gclár Ealaín
2016, ar tugadh
tacaíocht dó cheana.
Dúirt an tAire Martin: “Is gné ríthábhachtach é seo de Chlár Ealaín 2023 - is deis é
d’ealaíontóirí obair le réimse eagraíochtaí pobail éagsúla chun saothar
uaillmhianach atá ar scála mór a chruthú, agus na téamaí uilíocha de Dheich
mBliana na gCuimhneachán a úsáid mar spreagadh.
Chonaiceamar trí Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán an chaoi ar
féidir le healaíontóirí spás a chruthú do dhaoine chun dul i ngleic le hábhair
chasta ar bhealaí cruthaitheacha agus fiúntacha. Ghlac pobail agus eagraíochtaí pobail an Clár
seo chucu féin freisin agus léirigh siad leibhéil nua léargais agus
feasachta. Táim ag súil le torthaí an
phróisis seo agus le forbairt na gcomhpháirtíochtaí nua agus iontacha a
fheiceáil.
Dúirt Maureen Kennelly: “Cuireann an Dámhachtain
Rannpháirtíochta deis shuntasach ar fáil d’ealaíontóirí & d’eagraíochtaí
dul i ngleic le tionscadal uaillmhianach, ina bhfiosraítear roinnt téamaí i
nDeich mBliana na gCuimhneachán. Táim ag súil go mór le healaíontóirí
a fheiceáil ar fud na tíre ag tabhairt faoin obair iontach lenár bpobail.”
Is gairm í Ealaín 2023 -
Dámhachtain Rannpháirtíochta chuig ealaíontóirí gairmiúla agus chuig
eagraíochtaí ealaíne ar fud na n-ardán ar fad chun saothar uaillmhianach a
chruthú i gcomhpháirtíocht le pobail chomhspéise agus/nó áite. Leagann an dámhachtain seo béim ar thábhacht
na tíre uilig, fud fad ár gcomharsanachtaí, ár sráidbhailte, ár mbailte agus ár
gcathracha, ag déanamh machnamh ar an stair againne, agus ag féachaint chun
cinn freisin chuig ár dtodhchaí chomhroinnte.
Tá na tosaíochtaí dámhachtana bunaithe ar shármhaitheas ealaíonta agus
ar chaighdeán an chleachtais ealaíon comhoibríoch agus rannpháirtíochta, sa
chás ina dtugtar spreagadh d’ealaíontóirí agus do phobail oibriú le chéile chun
freagairt ar pheirspictíochtaí nua ar na téamaí a bhaineann le Deich mBliana na
gCuimhneachán. Beidh clár oibre ann atá
sármhaith, uaillmhianach agus a chuireann béim ar an bpobal ann de thairbhe na
dámhachtana seo, a spreagann ionchuimsitheacht, éagsúlacht, rannpháirtíocht,
griogadh agus dioscúrsa maidir le féiniúlacht áite, spáis agus daoine agus
deireadh cheiliúradh ár gcuimhneachán deich mbliana ag teannadh linn.
Beidh na dámhachtana idir €50,000 - €150,000.
Fógrófar na tionscadail rathúla i Nollaig 2022 agus cuirfear na tionscadail i
gcrích le linn 2023.
←Fill ar ais go dtí an nuacht