Tá tairiscintí á lorg ag an gComhairle Ealaíon ó pháirtithe leasmhara chun an tionscadal Wintering Out a bhainistiú. Is clár náisiúnta é seo chun tacú le himeachtaí ealaíon beo a thabhairt ar ais agus a athshamhlú agus muid ag dul tríd an bpaindéim seo.
“If we winter this one out, we can summer anywhere”. —Seamus Heaney
Sa tuarascáil Survive, Adapt, Renew ón Sainghrúpa Comhairleach chuig an gComhairle Ealaíon a glacadh i Meitheamh 2020, leagtar amach moladh go n-éascódh an Chomhairle Ealaíon togra nua d’imeachtaí ealaíon beo roimh dheireadh 2020.
Tá Wintering Out ceaptha le bheith ina chlár faoi threoir na hearnála, ag tarraingt ar eagraíochtaí a raibh saothar a bhí beagnach i gcrích acu sular thosaigh Covid-19. Oibreoidh an bainisteoir tionscadal le heagraíochtaí agus le daoine aonair chun tograí a fháil maidir le himeachtaí a cheapadh agus a chur i láthair i gceiliúradh seachtaine ar na taibhealaíona in earrach na bliana 2021 (faoi réir treoirlínte sláinte poiblí). Beidh sé ar siúl in áiteanna agus i spásanna solúbtha agus seachadfar é laistigh de threoirlínte maidir le scaradh sóisialta. Tá sé i gceist go n-oibreodh eagraíochtaí agus daoine aonair le chéile chun clár féile le réim náisiúnta a shamhlú agus chun breathnú ar a fheidhmiú praiticiúil sa timpeallacht amach anseo.
Beidh an clár taighde gníomhaíochta sa tóir ar ionaid nua le haghaidh na dtaibhealaíon, modhanna nua seachadta, modhanna solúbtha stáitsithe, taifeadadh agus scaipeadh digiteach, agus cuirfidh sé eispéiris ealaíon den chéad scoth ar fáil do luchtanna féachana atá cíocrach chun taibhiú beo a fheiceáil.
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly: “Cuirfidh an clár Wintering Out fostaíocht a bhfuil géarghá leis ar fáil d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon — bainisteoirí stáitse, bainisteoirí léirithe, foireann theicniúil agus foireann tacaíochta eile — nach mbeadh gníomhaíocht ealaíon ar bith indéanta gan iad; tá súil againn go mbeidh sé ina ábhar dóchais agus go léireoidh sé an méid ar féidir a dhéanamh amach anseo. Tá súil againn go spreagfaidh sé an pobal páirt a ghlacadh in imeachtaí ealaíon beo, in atmaisféar sábháilte taitneamhach.”
Faoi réir phrótacail COVID-19, tá sé ar intinn tionscnamh lae amháin a chur i láthair i mí na Nollag 2020 faoin mbrat Wintering Out le bheith mar mhéar eolais do chlár an earraigh. Braithfidh dáta an chláir ar cé chomh praiticiúil is a bheidh sé bearta sláinte poiblí a shásamh agus aithnítear go bhfuil gá le solúbthacht agus le cur chuige sofhreagrúil.
Moltar d’iarratasóirí ar spéis leo tairiscint a chur isteach chun an tionscadal Wintering Out a bhainistiú an tuarascáil Survive, Adapt, Renew a léamh. Tá sé ar fáil anseo ina iomláine.
http://www.artscouncil.ie/uploadedFiles/Survive%20Adapt%20Renew_A%20response%20to%20the%20Covid-19%20crisis%20for%20the%20Arts%20in%20Ireland.pdf
Tá an buiséad do bhainistiú an tionscadail agus luach na tairisceana seo socraithe ag raon idir €100,000 agus €110,000, gach costas san áireamh agus gan CBL san áireamh.
Tá buiséad €1m curtha i leataobh chun an clár náisiúnta a sheachadadh.
Is féidir teacht ar na sonraí ar fad faoin tairiscint ar eTenders anseo https://irl.eu-supply.com/ctm/Supplier/PublicPurchase/172423/0/0?returnUrl=ctm/Supplier/publictenders&b=ETENDERS_SIMPLE
←Fill ar ais go dtí an nuacht