Tá an Chomhairle Ealaíon ag obair lena chinntiú go
dtacaítear níos fearr le healaíontóirí Dubha agus le healaíontóirí Dubha
Éireannacha ina gconairí mar ealaíontóirí
D’fhoilsigh an
Chomhairle Ealaíon tuarascáil taighde dar teideal "Osclaígí", ina ndéantar fiosrú
ar an bhfáth arb iad na healaíontóirí Dubha agus Dubha Éireannacha is dóchúla a
meastar a n-iarratais mhaoinithe mar neamh-incháilithe. Léirítear sa Tuarascáil gur measadh formhór
acu a bheith neamh-incháilithe de bharr go raibh eolas fágtha ar lár, a
léiríonn an gá le tuilleadh tacaíochta agus eolais don ghrúpa seo.
Thug sonraí iarratais
bliantúla na Comhairle Ealaíon chun solais na difríochtaí sna rátaí ratha i
measc grúpaí éagsúla eitneacha, agus léiríodh iontu gurb iad fir dhubha an
grúpa is mó nach raibh rath orthu. Spreag siad seo an Chomhairle Ealaíon chun taighde a choimisiúnú chun
tuiscint a fháil ar na príomhchúiseanna leis sin agus chun eolas a dhéanamh do
ghníomhartha as sin amach.
I measc na n-iarratas
neamh-incháilithe a chuir na healaíontóirí Dubha agus Éireannacha Dubha
isteach, bhí ábhair fágtha ar lár i gcás 71% acu. Bhí na hábhair seo idir
riachtanach (54%) agus ábhair thacaíochta (17%), a bhí ag teastáil le measúnú a
dhéanamh ar na hiarratais.
Fuarthas amach sa
Tuarascáil gur minic a bhíonn na healaíontóirí Dubha agus Éireannacha Dubha ag
brath ar líonraí níos lú le haghaidh eolais, agus go n‑airíonn siad go bhfuil
siad lasmuigh de líonraí móra ó thaobh na sochaí de. Bhí fianaise ann freisin
ar dhrogall a bheith orthu dul i gcomhairle leis an gComhairle Ealaíon le
haghaidh comhairle, bunaithe ar a dtaithí ar eisiamh agus leithcheal in earnáil
na n-ealaíon. Ag an am céanna, is minic
nach mbíonn an t‑eolas riachtanach ná na hacmhainní riachtanacha ag na grúpaí tacaíochta
chun cuidiú leis na healaíontóirí seo go héifeachtúil. Léirigh na healaíontóirí
a d’fhás aníos in Éirinn go raibh rochtain níos fearr acu ar líonraí
eolais.
Dúirt Maureen
Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
"Ó tharla gur muid an
comhlacht maoinithe atá i gceannas ar fhorbairt na n‑ealaíon in Éirinn, tá sé
riachtanach go dtuigimid an difríocht maidir leis na hiarratais incháilithe a
bhíonn ag na healaíontóirí Dubha agus Éireannacha dubha. Cuideoidh an t-eolas
sa tuarascáil seo linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo. Is é an aidhm
atá againn, ná lena chinntiú go n‑airíonn na healaíontóirí agus na pobail
ealaíne go bhfuil siad ceangailte linn agus go gcreideann siad gur féidir
rochtain a fháil ar an gComhairle Ealaíon agus gur féidir teagmháil a dhéanamh
léi. Beidh aiseolas agus treoir ón bpobal Éireannach Dubh ríthábhachtach, ionas
go mbeimid in ann todhchaí dhearfach, chomhoibritheach le chéile a chinntiú."
Cuimsíodh leis an
tuarascáil, anailís chainníochtúil de 919 iarratas neamh-incháilithe,
léirbhreithniú ar an litríocht, agus agallaimh le 21 rannpháirtí, lena n‑áirítear
ealaíontóirí agus baill foirne ó eagraíochtaí ealaíne. Léirigh ráitis ó na healaíontóirí an gá atá
le conairí infheicthe agus aitheantas d’ealaíontóirí Dubha agus Éireannacha
Dubha, rud a chaitheann solas ar na bacainní breise a bhíonn rompu sa tionscal.
Ráitis
ó ealaíontóirí Dubha sa Tuarascáil (anaithnid):
"Go dtí go n-aithneoidh
daoine go bhfuil bealach ann dóibh, go bhfeiceann siad daoine a bhfuil an chuma
chéanna orthu agus atá orthu féin san fhoirm seo, sa saothar seo, ag fáil
maoinithe, ceiliúradh á bronnadh orthu, ar son rudaí a leithéid dá gcuid
fréamhacha agus ratha sa réimse seo. Beidh an cás ann gur ‘rud é sin atá i ndán
dóibh’, [seachas i ndán domsa]."
"Tarlaíonn sé go minic i
gcás na n‑ealaíontóirí Dubha agus i gcás daoine de dhath, chun dul suas ar an
ardán amháin, caithfidh go leor sármhaitheasa a bheith léirithe agat, sin gan
trácht ar thuilleadh a bhaint amach. Ach i gcás na ngnáth‑ealaíontóirí geala
atá réasúnta maith, tá sé éasca. Ach más rud é gur ealaíontóir Dubh thú,
caithfidh tú a bheith níos fearr ná go maith ionas go dtabharfar deis duit."
Tá an Chomhairle
Ealaíon tiomanta do chinntiú go bhfuil cothromas ann ar fud a cuid oibre, agus
í ag déanamh a díchill lena chinntiú go bhfuil rochtain chothrom ag gach
ealaíontóir ar dheiseanna beag beann ar eitneacht. Don chéad chéim eile, tá
seimineár á phleanáil ionas go mbeidh earnáil na n-ealaíon in ann comhrá le
healaíontóirí Dubha agus Éireannacha Dubha, agus é mar aidhm ag an seimineár
iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi is fearr chun tacaíocht agus conairí a chur ar
fáil dá slite beatha ealaíonta.
←Fill ar ais go dtí an nuacht